Le tamall fada de bhlianta, fiú sular thit na bainc as a chéile cúig bliana ó shin, agus go raibh ar shaoránaigh na hEorpa agus an domhain iad a choinneáil beo go saorga le cánacha agus ‘fiacha’ nach nglanfar go brách, bhí an-chuid daoine óga dífhostaithe, agus ag an am céanna bhí brú á chur ar dhaoine a raibh a saol caite ag obair acu fanacht tamall eile chun ualach na bpinsean a laghdú.
Anois tá os cionn leath na ndaoine faoi 25 bliana d’aois gan obair san Aontas Eorpach, nó i gcuid mhaith de. Agus tá na húdaráis i dtíortha éagsúla ag ardú aois an phinsin, sa dóigh go mbeidh orthu siúd a bhfuil daichead bliana nó níos mó caite ag obair acu leanúint ar aghaidh gan seans acu a scíth a ligean go dtí go mbeidh beagnach seachtó bliain slánaithe acu.
Rinne na baincéirí praiseach ceart den gheilleagar, bhunaigh siad botháin chearrbhachais i Londain agus i mBaile Átha Cliath agus ar fud an domhain, ag úsáid cistí pinsin agus infheistíochta na gcéadta milliún oibrí le hiasachtaí ollmhóra a fháil agus a thabhairt amach. Tugadh liúntais chánach agus go leor leor dreasachtaí nó spreagthaí eile do dhaoine le níos mó airgid a chur ina bpinsin, sin nó le hiasachtaí a fháil le maoin a cheannach mar ‘infheistíocht’, le dul ar dhréimire an tsonais agus an tsaibhris.
Fadó fadó, sular athraigh Maggie agus Ronnie an domhan, bhí bainisteoirí bainc coimeádach cúramach agus bhí sé deacair fiú do na daoine a raibh postanna buana le pá maith acu iasachtaí a fháil. Caithfeadh go leor mallachtaí leo agus cuireadh ina leith go raibh srian á chur acu ar fhás na heacnamaíochta, agus laincisí ar dhaoine óga ar theastaigh uathu áit chónaithe a cheannach. B’éigean dóibh deich faoin gcéad nó níos mó de luach an tí a shábháil agus ní raibh cead acu níos mó ná dhá oiread go leith a dtuarastal bliantúil a fháil ar iasacht. Tháinig athrú ar an athrú. Faoin am a raibh réabhlóid na nuachoimeádach curtha i gcrích bhí iasachtaí 100% nó fiú 105% á mbrú ar dhaoine, cúig oiread a bpá, agus d’fhéadfá cibé tuarastal a d’oir duit a scríobh sa bhfoirm iarratais.
Cuireadh litreacha amach go rialta le daoine a mhealladh le hiasachtaí réamhshocruithe, ba chuma an raibh gá nó úsáid acu don airgead. Bhí sé chomh héasca sin iasachtaí foirgníochta a fháil gur spreagadh na céadta míle duine in Éirinn agus na milliúin ar fud na hEorpa, le teach nó dhó a cheannach dóibh féin agus leathdosaen eile mar ‘infheistíocht’ sa bhaile nó thar lear. Bhí an eacnamaíocht ag fás, tháinig na sluaite ó lár na hEorpa chun na tithe a thógáil, an oiread sin díobh go raibh go leor de na tithe agus de na hárasáin nua ag teastáil le lóistín a chur ar fáil dóibh ….
Is cuimhin liom ceist a chur ar dhuine nó beirt in Éirinn a bhí chomh gafa sin le maoin mar bhealach le saibhreas a dhéanamh: cad as a thiocfadh na daoine go léir? Cén dóigh ar féidir le cathracha agus bailte beaga na tíre leanúint orthu ag fás mar sin? Bhí an tuath bánaithe cheana féin, ní raibh na milliúin ann mar a bhí sa naoú haois déag. Ach chreid siad go diongbháilte go mbeadh fás de thrí nó ceithre mhilliún ar an daonra agus go raibh an infheistíocht sa bhfoirgníocht ‘chomh sábháilte le hairgead sa bhanc’ ach go raibh sé níos fearr an t-airgead (a bhí ar iasacht ón mbanc) a chaitheamh ar thalamh agus tithe mar go mbeadh luach na maoine ag fás go tréan.
Ag an am céanna thosaigh an rialtas ag brú ar na daoine ullmhú do na blianta díomhaoine a bhí rompu amach trí níos mó dá dtuarastal a chur ar leataobh le haghaidh an phinsin. B’iontach an spreagadh an faoiseamh cánach a bhí ar fáil leis na scéimeanna pinsin, go háirithe do lucht gnó féinfhostaithe. Idir airgead na scéimeanna pinsin agus infheistíochta, agus airgead a ‘cruthaíodh’ le hiasachtaí ó mhórbhainc an domhain bhí carn ollmhór dochreidte le dáileadh amach, agus dáileadh é le fonn agus le flosc. Ní fhéadfaí bainistiú a thabhairt ar obair na mbaincéirí, cearrbhachas neamhshrianta a bhí ann, iad ag maíomh nach bhféadfaí na duaiseanna móra a bhaint gan dul sa seans, ag cur meatachta ina leith siúd nach raibh an dearcadh céanna acu. Tá mé cinnte go raibh go leor de na baincéirí faoi gheasa ag an púdar geal as Meiriceá Theas agus iad ag ‘obair’ ceithre huaire is fiche sa lá le cur lena gcuid milliún. Níorbh iad na craoltóirí iomráiteacha ná na mainicíní amháin a bhí ag caitheamh drogaí agus iad i mbun a gcuid cúramaí.
Níl ag teastáil uainn faoi láthair mar bhaincéirí ach daoine atá in ann cuntasaíocht chúramach a dhéanamh, aire a thabhairt dár gcuid airgid, daoine ciúine coimeádacha nach gceadóidh dúinn amadáin a dhéanamh dínn féin le hairgead nach linne ná leosan é. Ní mór do na cearrbhaigh a thuiscint, agus glacadh leis, gur féidir leo gach rud a chailliúint i bhfiontar, agus nach dtiocfaidh an stát ná an saoránach ná aon duine ná dream eile i gcabhair orthu. Sin é bunús na tráchtála ó thús ama, dul sa bhfiontar. Tabharfar árachas de réir mar a mheasann cuntasóirí eile priacal an fhiontair, ach ní ceart go mbeadh aon duine ag súil le rathúnas ná bannaí más é a rogha a bheith míchúramach.
Is cosúil go bhfuil dhá chineál baincéireachta ann. Is gá iad a dheighilt óna chéile, sa dóigh go mbeidh a fhios ag daoine cá bhfuil a gcuid airgid ag dul, agus go mbeidh siad in ann a rogha féin a dhéanamh faoi shábháilteacht nó priacal a gcuid infheistíochta. Thar aon rud eile, ní ceart go mbeadh rathúnas stáit ar fáil d’fhiontair phríobháideacha.
Ó dheireadh an 19ú haois bhí pinsean á gcur ar fáil sna tíortha ba mhó a raibh forbairt thionsclaíoch déanta acu, agus leasa sóisialaigh eile de réir mar a bhí ag teastáil ar mhaithe le leas na tíre nó an phobail i gcoitinne. Bhí an stát freagrach as córais sláinte, imdhíonadh ar ghalair, uisce glan a sholáthar do chách, agus lean an fhorbairt ar aghaidh go tréan go háirithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Glacadh leis go raibh cúpla bliain den só tuillte ag daoine tar éis daichead bliain nó níos mó a chaitheamh ag obair, agus cuireadh airgead ar fáil dó sin, cuireadh fad le saol an ghnáthdhuine agus d’fheabhsaigh sláinte an phobail go mór – agus tharla sé seo go léir sula raibh rialtas ‘sóisialach’ i réim in aon tír, go deimhin ba é an sár-impiriúlaí Bismark a chuir na scéimeanna seo chun cinn más fíor. Tugadh an pinsean do dhaoine ag seachtó bliain d’aois, agus de réir a chéile laghdaíodh aois an phinsin agus fad á chur le saol an duine. Laghdaíodh chomh maith ar líon na laethanta agus na n-uaireanta oibre. Bhí daoine in ann dul ar saoire, bhí am le sparáil acu, d’fheabhsaigh an tsláinte agus cuireadh le fad an tsaoil.
Tháinig Maggie agus Ronnie i gcumhacht agus thosaigh an cúlú, cé gur fógraíodh go glórach agus go minic go raibh saoirse nua ann, go raibh daoine faoi dheireadh in ann éirí saibhir agus ábalta a gcuid saibhris a choinneáil, rogha a dhéanamh de na seirbhísí a bhí ar fáil go príobháideach mar go raibh an t-airgead acu, go mbeadh costas níos ísle ar shláinte agus ar thaisteal, agus mar sin de. Ach cuireadh in iúl go tréan freisin go gcaithfeadh daoine obair le luach a saothair a fháil. B’fhiú do go leor obair go crua, seacht lá na seachtaine, dhá uair déag sa lá, mura raibh uathu ach airgead, agus rinne cuid acu na múrtha (bhí drugaí ag teastáil ó go leor díobh, idir dhleathach agus mhídhleathach, le coinneáil ag obair chomh fada sin, agus bhí siad ar fáil go flúirseach in ainneoin an chogadh in aghaidh na ndrugaí a bhí ar bun go fuilteach costasach sna tíortha bochta ó dheas).
Ach i ndáiríre níorbh iad na gnáthdhaoine a raibh orthu breis oibre a dhéanamh má theastaigh uathu postanna a fháil nó a choinneáil a rinne an saibhreas, ach iad siúd a fuair a lámha ar thaiscí agus ar chistí pinsean na ngnáthdaoine sin agus a chuaigh i mbun cearrbhachais leo, nó lucht an tsaibhris bhuan nach gcailleann riamh. Súdh an saibhreas ón ngnáthdhuine sa domhan saibhir, agus ó beagnach gach duine agus tír ó dheas, isteach i lámha daoine gan ainm gan fhreagracht, a spreag boilsciú i dithíocht agus scaoll agus flosc ceannúcháin ionas go raibh gach duine ag rith cosa in airde le fanacht san áit a raibh siad i 1980 nó le teacht go bun an dréimire infheistíochta mar gur shíl siad go mbeadh siad gan dídean mura gceannódh siad árasáinín nó teach beag suarach ar dheich n-oiread a dtuarastal. Ar ndóigh níor leor an obair bhreise a dhéanamh, níor leor na hardaithe tuarastail, bhí luach na maoine ag ardú róghasta, ach bhí na bancanna ansin ag brú iasachtaí go tréan le sclábhaithe fiacha a dhéanamh as an oiread daoine agus ba fhéidir leo.
Tuigeadh, go háirithe i dtíortha an Bhéarla, nár ghá aon rud a dhéanamh i ndáiríre ach airgead, agus bhí an t-airgead is mó ar fáil as airgead a cheannach agus a dhíol, ba chuma i ndáiríre faoin déantúsaíocht nó faoin táirgíocht, bhí an brabús ba mhó á dhéanamh as na hiasachtaí, iasacht don tógálaí le heastát a thógáil, iasacht do na ceannaitheoirí lena gceannach, iasacht don infheisteoir le scaireanna a cheannach i bhfiontair na dtógálaithe, iasachtaí ina mullach sin le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i bhfiontair thar lear agus mar sin de. Agus ba é síolteagasc na nuachoimeádaithe nár cheart aon cháin a íoc ar an ‘bhfiontraíocht’ seo uilig. Ach bhí cáin á íoc ag na hoibrithe, agus dleachta nuair a cheannaigh siad na tithe a bhí ródhaor dóibh, ach mar dhreasacht bhí faoiseamh cánach ar fáil le morgáistí a chur orthu, rud a spreag daoine hiasachtaí a bhí thar a n-acmhainn a fháil, agus a chuir tuilleadh gáis i mbolgóid an bhoilscithe a bhí ag tarlú i bhfoirgníocht agus i luach na talún nuair a bhí praghsanna ag titim sna sean-earnálacha eacnamaíocha, go háirithe sa déantúsaíocht a aistríodh go tíortha i gcéin ar mhaithe le brabús a mhéadú agus cáin a sheachaint.
Táimid ag filleadh ar na meánaoiseanna, sealúchas agus saibhreas na tíre agus an domhain ag aicme uilechumhachtach gan srian, duine as céad, an chuid eile ag titim nó tite isteach san aicme eile, daoine gan sealúchas, gan acu ach bochtaineacht nó fiacha. Sclábhaithe.
An dtiocfaidh aon athrú?