Cartlanna Clibe: Afraic

Is Cuma linn sa Diabhal

“Vamos”

Rug sí greim uillinne orm agus mé ag siúl na sráide. Stop mé, ní raibh mé cinnte cad a bhí i gceist aici. Cailín álainn dubh ón Afraic, ag a deich a chlog ar maidin i bpríomhchathair na Spáinne.

“Vamos”

Tharraing sí ar m’uillinn arís agus meangadh ar a béal. 

“Cad as duit?” ar sise. 

“Cad as duitse? agus cén áit ar mhaith leat dul?”

“As an Nigéir. An dtiocfaidh tú liom tamall?”

Ar aghaidh liom. Cúpla méadar eile agus bhí cailín níos áille fós ina seasamh ar nós deilbh, stríocaí daite ar a haghaidh. 

Tá siad le fáil i sráideanna na gcathracha ar fud na hEorpa. Ar tairiscint ar an idirlíon mar chompánaigh uaire nó oíche i dtithe ósta agus in árasáin. Cuid den saol agus den mhargadh laethúil nach dtugaimid aird ar de ghnáth ach nuair a theagmhaíonn sé go díreach linn, nó nuair a théimid ar a thóir. 

Ar ndóigh dá mbeinn im iriseoir ba cheart dom glacadh le cuireadh na mná óige sin ar mhaithe le hagallamh a chur uirthi agus a scéal a fháil. B’fhéidir go bhfuil sí sona sásta lena gairm, b’fhéidir nach bhfuil agus nach raibh aon rud eile uaithi ach a bheith go hálainn agus airgead a dhéanamh as a colainn a roinnt le strainséirí. Ach tá na scéalta fiosraithe ag daoine eile ar aon nós, anseo mar shampla: 

Life as a Nigerian prostitute in Italy

Íomhá

 

Bíonn málaí agus scannáin ar díol i ngach áit ina mbailíonn turasóirí chomh maith, fiacha le glanadh acu siúd a tháinig slán thar fásach agus farraige agus trí chustaim agus sconsaí slándála. 

 

Is mór an t-uafás a cuireadh orainn le roinnt laethanta anuas mar gheall ar na céadta a cailleadh agus iad ar a mbealach ón Afraic go Lampedusa. Ach ní haon scéal nua é seo, bádh suas le 14,000 duine le cúig bliana déag anuas. 

http://www.juancole.com/2013/10/immigration-mediterranean-graveyard.html

Ní bhaineann aon rúndiamhair leis an bhfonn atá ar na daoine teacht chun na hEorpa ón Afraic agus ón Mheán-Oirthear. Teastaíonn saol níos fearr uathu, saol níos fearr ná an foréigean agus an bhochtaineacht atá á gciapadh ina dtíortha féin. Ní hé go bhfuil an Nigéir nó an tSomáil nó a lán den Afraic bocht i ndáiríre – tá brabús as cuimse á dhéanamh le blianta fada as ola, mianraí agus éisc na mór-roinne, ach is fíorbheagán de a  fhaigheann na daoine a chónaíonn sna ceantair shaibhre sin. Truailliú agus leatrom agus dúshaothrú agus i bhfad an iomarca airm tine atá mar acu mar bhronntanas ón bhforbairt agus ón saol nua-aimseartha.  In áit iarracht éigin a dhéanamh a fháil amach tuige an bhfuil an oiread sin bochtaineachta in ilchríoch chomh saibhir, is mian le hEorpaigh na teorannacha a dhaingniú agus na teifigh a choinneáil amach, fiú iad a shíobadh de dhromchla na mara le buamaí agus le hurchair ‘mura dtuigeann siad aon rud eile.” 

Íomhá

Scéal a scríobh mé roinnt blianta ó shin, iarracht le cás na n-imirceach a léiriú do dhéagóirí.

 

Tá léargas tuisceanach d’uafás agus de chruatan na n-imirceoirí le fáil i leabhar le Alan Titley. 

http://www.siopagaeilge.ie/products/D%E9aglitr%EDocht/product8-31.htm

 

Dá léifeadh daoine an leabhar sin agus a leithéid eile b’fhéidir go mbeadh athrú meoin san Eoraip. Is muidne lenár ndúil i mbia saor, i mbréagáin leictreonacha a dteastaíonn mianraí an Chongó lena n-aghaidh, leis an réiteach míleata a lorgaíonn ár gceannairí ar gach ‘fadhb’, atá freagrach as cuid mhór den chruatan, den ghéarleanúint, den imirce thragóideach seo.

Ní féidir daoine a stopadh. Gheobhaidh siad bealach amach as an anró, fiú má bhíonn orthu dul i bhfiacha le coirpigh gan trócaire a dhéanfaidh striapacha nó sclábhaithe díobh, fiú má tá a fhios acu go ndéanfar a lán acu a mharú, a éigniú, a robáil ar an mbealach fada thar sléibhte agus fásaigh agus farraigí. Tá an fhís seo rompu: 

Íomhá

 

agus íomhánna iomadúla eile d’áilleacht agus de shaibhreas na dtíortha ó thuaidh. Nárbh fhearr a bheith i do ghiolla ag cur snasa ar charr mar seo do mhilliúnaí éigin ná piléar a fháil sa chloigeann?

 

Cuireann sé díomá orm go bhfuiltear ag caint ar bhealaí chun stop a chur leis an inimirce, na daoine a chur ar ais go dtí a dtír féin, a fhógairt go láidir nach bhfuil aon pharthas i ndán dóibh ó thuaidh, ach bás léanmhar sa bhfásach nó san uisce. 
Nach féidir a dhath eile a dhéanamh? Eitleáin agus saighdiúirí in aghaidh treallchogaithe bunchreidmheacha, longa cogaidh le srian a chur ar fhoghlaithe mara, sconsaí arda agus sreangacha deilgneacha, agus seomraí suaracha i sean-óstáin dóibh siúd a n-éiríonn leo teacht chomh fada lenár gcóstaí. Nach bhfuil aon rud eile ann?

 

Cad faoi rialacha a chur i bhfeidhm ar na hollchomhlachtaí atá a sú an tsaibhris as an Afraic leis na cianta (lean Goodyear orthu ag saothrú rubair le linn gach uafás a tharla sa Libéir, a bhfeirmeacha agus a monarchana cosanta ón gcorraíl mórthimpeall orthu). Nach féidir gnó a dhéanamh le tíortha daonlathacha seachas le deachtóirí? Nach féidir na deachtóirí a ruaigeadh ar bhealach éigin eile seachas le hionradh tubaisteach mar a rinne ar an Libia? Is é an toradh a bhíonn ar an gcur isteach ón taobh amuigh go ró-mhinic ná go méadaítear an foréigean agus an fonn imirce. An féidir teacht ar phlean a dhéanfadh leas na hEorpa agus na hAfraice in éineacht?

Tá sé ró-shoiléir b’fhéidir. Má bhíonn obair agus slándáil ag daoine beidh siad sásta fanacht mar a bhfuil siad, lena muintir féin, agus a saol a fheabhsú ar gach dóigh. Ba bheag an spreagadh a bhí ag na Gaeil a saol a fheabhsú nuair nach raibh seilbh ar an talamh acu. Sin céim mhór amháin a chaithfear a ghlacadh, Bíodh seilbh na talún ag na daoine atá ag obair uirthi. 

Tá mianraí agus fuinneamh ag teastáil ón Eoraip. Níl aon easpa smaointe ann faoi sin. 

 

Solar Energy From the Sahara Desert Could Power the World – But Will It?

Bheadh sé an-chostasach tús a chur le scéimeanna mar seo, ach ar deireadh thiar nach mbeadh an oiread sin le gnóthú astu gur fiú tabhairt fúthu, na milliúin a fhostú, bóithre agus iarnróid agus cathracha nua a thógáil, ionaid a chruthú a mheallfadh daoine i dtreo saoil níos fearr ina dtíortha agus ina gceantair féin. 

 

Ach ar ndóigh ní dhéanfar é. Tá an baol slándála ró-mhór anois. Níl na bunchlocha riaracháin ná oideachais ná cumarsáide ann. Cumfar céad leithscéal gan tabhairt faoi scéimeanna ollmhóra fad-téarmacha. Ní bheidh an t-airgead ann. Beidh sé ag teastáil le haghaidh eitleán agus longa cogaidh campaí géibheann…..