Gleann Maighir

Tá Tomás Ó Cannain imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir ollscoile, ceoltóir, scríbhneoir, Gael. Bhunaigh sé Buaic Teoranta sna Seascadaí le Fionntán Mac Aodha Bhuí, Séamus Ruiséal le Gaeltacht a bhunú in aice le cathair Chorcaí, agus daoine eile, agus thóg sé féin agus a bhean Helen teach in Ard Barra i 1967. Bhunaigh sé féin agus Matt Cranitch an grúpa Na Filí. Tá dea-chuimhne agam ar na trí bliana a chónaigh muid in Ard Barra. Slán leat go fóill Thomáis, tig leat dul siar ar na cuimhní le m’athair agus mo mháthair a chuaigh chuig an saol eile tamall beag romhat.

Diarmuid Ó Gráinne

Fear a mhothaigh pian an duine, comhbhá iontach leis na bochta. Teanga shaibhir líofa ina chuid leabhar. Beifear á léamh agus ag baint taitnimh astu fad a mhairfidh an Ghaeilge.

Leabhair
An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht (comh-eagarthóir)
Spéir Thoirní 1993
Karl Marx (asitriúchán) 1993
Spealadh an Drúchta (dánta) 1995
Peait Phádraic Tom Ó Conghaile, a Scéal Féin 1997
Coill Chríon na bhForbacha 2001
Cloch Scoiltí 2003
Doirse Éalaithe 204
Fágann Marbh Láthair 2006
An Doras Iata 2007
Cúba agus Castro 2009
An Drochshúil 2009
Muintir na Coille 2011
An Strainséara (Aistriúchán ar L’étranger) 2012
Ó Rinn go Sáil 2012.

Leagadh príomhchathair Háítí ar an 12 Eanáir 2010, trí bliana ó shin. Gealladh mórán, cuireadh na billiúin ar fáil agus chuaigh na mílte eagraíocht isteach le cabhrú leis an atógáil.

Faraor tá milliún go leith fós ag feitheamh le cóiríocht shásúil,  agus na mílte básaithe leis an chalar a thug saighdiúirí na Náisiún Aontaithe isteach leo, galar nach raibh sa tír, ná ar an oileán le breis agus céad bliain.

Dúirt mo threoraí liom go raibh fearg ar Dhia an lá sin le muintir Haití mar gur thréig siad é.... Cén fáth nár leag sé Nua Eabhroc, Páras, Londain, arsa mise, má bhí fearg air?

Dúirt mo threoraí liom go raibh fearg ar Dhia an lá sin le muintir Haití mar gur thréig siad é…. Cén fáth nár leag sé Nua Eabhroc, Páras, Londain, arsa mise, má bhí fearg air?

Porte au Prince márta11_Iarla 20