“Tá dhá theanga ag an bpréachán”, ars mo dheartháir liom tar éis na scoile.
“An bhfuil? Conas a bhfuil a fhios agat?”
“Mar sa scéal a léigh muid sa rang inniu bhí a theanga bheag amuigh ag an bpréachán leis an tart. Má tá teanga bheag aige, tá teanga mhór aige chomh maith.
Mar sin tá dhá theanga ag an bpréachán,” ar seisean go cinnte.
Cartlanna Ranga: Uncategorized
Montréal – An Taobh Dorcha
Montréal – an Taobh Dorcha
Fógra ar fhuinneog fá dhlúthdhioscaí agus leabhair athláimhe a mheall síos an staighre mé go dtí an siopa mór faoin talamh. Seanchluichí ríomhaire, seancheirníní, dlúthdhioscaí, T-léinte agus postaeirí, gléasanna raidió mar a bheadh ag do dhaideo leathchéad bliain ó shin, corrrcheamara, páirteanna de chórais fuaime agus a leithéid. Pluais Aladdin nó carn bruscair. Fear ramhar le gloiní dorcha air, ruball capaill liath ceangailte ar chúl a chinn lasitiar den chuntar, é le haithint ar a chuid Fraincise gur Béarlóir é.
Bheadh sé ag dúnadh i gceann leathuaire, agus mar sin ba dheacair amharc mar ba cheart ar na mílte agus na mílte ceirnín scaipthe ar bhoird fhada, cuid acu ar an urlár, boscaí cartchláir faoi do chosa, sean Mac LCIII nach mbeadh aon mhaith ann do dhuine ar bith go deo arís, cáblaí fuaime agus araile ar fud na háite ionas go raibh sé deacair do bhealach a dhéanamh timpeall. Shiúil timpeall go mear agus thug faoi deara na hirisí graosta agus na fístéipeanna, na DVDnna ‘crua’ ina gcúinne féin i bhfad ón doras.
Bhí fonn cainte ar an fhear
Cheistigh mé é faoi roinnt grúpaí Éireannacha. Bíonn an-tóir orthu, ar seisean. ‘Faigheann daoine amach gur ag Thin Lizzie a bhí an t-amhrán sular chuala aon duine faoi Metallica’ ar seisean faoi Whiskey in the Jar. Mar an gcéanna le grúpa eile. Díolaim iad chomh luath is a fhaighim iad.’
Dúirt mé leis gurbh é seo mo dhara cuairt ar Mhontréal, go raibh mé ann ar feadh seachtaine dhá bhliain ó shin agus go raibh mé an-tógtha le háilleacht na cathrach, leis an gcanúint Fraincise a labhraítear, leis an Biodome agus leis an Oratoire St–Joseph, agus le hionaid stairiúla na seanchathrach. Ach an uair seo, arsa mise leis, bhí níos mó de dhrochthréithe na cathrach le feiceáil.
Samhlaímid i gcónaí gur tír ghlan gheanmnaí shaibhir í Ceanada, arsa mise. Ach tá an salachar agus an bochtanas nochtaithe ar phríomhsráid na cathrach agus gan aird ag daoine orthu. Shílfeá go mbeadh na clubanna gnéis níos discréidí, go gcuirfeadh daoine ina n-éadan. Agus fiú sa siopa seo agat féin, tá irisí porn ar taispeáint ar na boird agus ar na cuntair. Nach mbeadh déagóirí ag teacht isteach anseo ag ceannach dlúthdhioscai agus postaeirí? An ligfeá dóibh dul ag póirseáil trí na hirisí sin?
“Ní bhíonn aon spéis acu iontu” ar seisean ina ghuth géar ard. “Níl ann ach páipéar daite. Is cur amú spáis iad dáirire mar níl daoine ag ceannach a leithéid níos mó. Tá an t-ábhar sin uilig ar fáil ar an idirlíon in aisce agus níl daoine sásta íoc as. Ach níl mise ar son na cinsireachta. Bíodh cead ag daoine rud ar bith is mian leo a cheannach nó a dhíol.’
“Cad faoi na clubanna seo atá ar fud na sráide?” arsa mise. “Nach bhfuil daoine á ndíol is á gceannach iontu sin? Nach bhfuil dúshaothrú á dhéanamh ar mhná go háirithe?”
“Níl iontu sin ach frontaí do na bikers, díolann siad drugaí. Cinnte tá éileamh áirithe ar striapacha ach is ar na drugaí a dhéantar an t-airgead.”
“Chuala mé faoi na bikers seo a bheith i gceannas ar na clubanna. Agus chonaic mé sna páipéir gur gabhadh drong díobh le gairid.”
“Tháinig siad isteach ó California. Bhí sé ina chogadh ansin idir an seandream agus dream óg a bhí ag iarraidh a gcuid gnó a bhaint díobh. Tá na Hell’s Angels i gceannas ar mhargadh na ndrugaí agus an striapachais. Earcaíonn siad baill úra agus uaireanta éiríonn na boic óga sotalach agus síleann siad gur féidir leo an gnó uilig a ghabháil dóibh féin. Maraíodh cúpla céad duine sa chogadh a bhí acu i gCalifornia agus ar fud na Stáit Aontaithe, agus theith cuid acu go Montréal. Ghabh siad seilbh ar an striapachas. Is cuid den striapachas an tionscal físe, agus déanfaidh siad airgead beag éigin as. Ach is iad na drugaí is tábhachtaí, agus níl sé de mhisneach ag na húdaráis a ndúshlán a thabhairt. Tá an-chuid airgid á dhéanamh saor ó cháin acu agus is furast dóibh póilíní agus polaiteoirí a cheannach. Féach – bhí mé mbialann an lá cheana, ag ithe liom féin. Bhí triúr ban in aice liom, gan aon aithne agam orthu, gan eolas agam fúthu. Tháinig beirt phóilín isteach agus chuir siad i leith bhainisteoir na bialainne go raibh teach striapachais á reachtáil aige, agus iad ag díriú ar an triúr a bhí in aice liomsa. Ní raibh mé róshásta caithfidh mé a rá leat. Shíl mé go gcuirfidís i mo leith go raibh baint agamsa leis an ngnó sin chomh maith. Ach ní raibh imní ar bith ar an bhainisteoir. Bhí aithne aige ar an bhfear ba shine de na póilíní agus thagair sé béile don bheirt acu. ‘Ar mhaith libh feoil gheal nó feoil dhubh le sin’ ar sé, agus é a sméideadh ar an triúr ban – bhí duine acu dubh. Bhí na póilíní ag amharc inár dtreo, agus is cosúil gurb é sin an chéad uair a thug siad mise faoi deara, agus nach raibh aithne acu orm. D’fhág siad gan focal eile a rá, eagla orthu go mbeinn i m’fhínné. Má tá lucht bialanna agus clubanna chomh hoscailte sin lena mbreabanna samhlaigh cad tá ag tarlú faoi choim. Ba chóir an dlí a athrú, ligint do dhaoine aon rud is mian leo a dhíol agus a cheannach, a fhad is go n-íocann siad cáin air agus go bhfuil gach duine sa ghnó páirteach dá dheoin féin. Dá mbeadh sé uilig dleathach ní bheadh aon áit ná spreagadh ann do na bikers ná do choirpigh eile.”
Is fada siar a théann ceangal Mhontréal agus Québec le coirpigh Mheiriceá. Mar gheall ar iarracht eile chun cosc a chur le tógáil drugaí, an Prohibition, tugadh an-spreagadh do thábharnóirí ar thaobh Cheanada den teorainn idirnáisiúnta. Bhí drúthlanna in aontíos leis na tábhairni go minic, chun freastal ar an dúil sa pheaca a bhí ag na mílte a thiomáin thar teorainn as Boston, Nua Eabhroc, agus cathracha eile. Eagraíodh smugláil biotáille ar scála ollmhór, agus chuaigh an-chuid daoine i dtaithí ar an dlí a bhriseadh ar an dá thaobh den teorainn. Nuair a baineadh an toirmeasc den alcól bhí tóir i gcónaí ar na striapachaí agus ar dhrugaí mídhleathacha. Tá Casino mór i Montréal a mheallann na milliún cuairteoirí chomh maith, agus is ann a dhéantar ‘glanadh’ ar chuid mhaith d’airgead na coiriúlachta. Cailleann daoine a saibhreas uile sa Chasino, agus bíonn daoine deasa ansin chun teacht ‘i gcabhair’ orthu le hiasachtaí. Tá Éireannaigh (an West End Gang, a bhíodh/bhíonn ag iomportáil drugaí trí chalafort Mhontreal i measc rudaí eile), Iodálaigh agus dreamanna eile i mbun coiriúlachta eagraithe de chineálacha éagsúla, ach measann seirbhís faisnéis choiriúlachta Cheanada go bhfuil na Hell’s Angels, a bunaíodh i gCalifornia i 1948, níos má ná drong ar bith eile sa tír. Tá timpeall dhá chéad caoga ball acu, a chaitheann a ndathanna go poiblí, a úsáideann foiréigean agus imeaglú go rialta. Tá struchtúr cliarlathach acu a fhágann na coireanna faoi na hearcaigh óga úra a fhad is atá an lucht ceannais ábalta an ‘luach saothair’ a choinneáil dóibh féin. Mar gheall ar an struchtúr seo tá na cinnirí ábalta maireachtáil gan phíonós agus íomhá na cumhachta a úsáid chun earcaigh úra a mhealladh i dtreo na coiriúlachta.
Ciontaíodh Maurice Boucher as dúnmharú bheirt oifigeach príosúin i mí Bealtaine 2002, tar éis dó na blianta a chaitheamh mar cheannaire ar na Hell’s Angels i Montréal. Tugadh fianaise sa chúirt go raibh eolas ag na bikers faoi fhaisnéis na bpóilíní agus go raibh feachtas imeaglaithe ar bun acu ionas nach dtabharfaí fianaise ina gcoinne. Bhí canabas á fás i ngortanna min bhuí ar fud Québec, agus deirtear go bhfuil go fóill, agus an-éileamh ar an ‘Québec Gold’ ar shráideanna Nua Eabhroc. Rinneadh imeaglú ar fheirmeoirí a chuir i gcoinne na gcoirpeach, agus b’éigean garda ceithre huaire fichead sa ló a chur ar fáil do pholaiteoir tuaithe a labhair amach. Bhí sé ina chogadh idir na Angels agus bikers eile a thugann an ‘Rock Machine’ orthu féin chun smacht a fháil ar an tionscal mídhleathach seo, agus maraíodh os cionn 150 duine sa chogadh sin ó 1994 i leith. Nuair a bhí ceannaire an Machine i bpríosún sna Stáit Aontaithe rinne na Hell’s Angels iarracht dul i gceannas orthu. Úsáideadh pléascáin agus piléir i gcogadh nár tháinig críoch go fóill air, in ainneoin an oiread sin de na gaingstéirí a bheith i bpríosún nó marbh. Maraíodh iriseoirí fiosracha chomh maith.
Bunaíodh grúpa speisialta póilíní, Carcajou nó Wolverine, chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí na mbikers tar éis do ghasúr óg bás a fháil in ionsaí, agus d’éirigh leo roinnt áirithe daoine agus airgid a ghabháil. I Meán Fómhair 2003 cuireadh naonúr Hell’s Angels sa phríosún nuair a phléadáil siad ciontach i gcomhcheilg dúnmharaithe, díol drugaí agus ‘gangsterism’. Tá cuid den airgead a gabhadh le húsáid chun cabhrú le striapacha a bhfuil fadhbanna drugaí acu. Meastar go bhfuil os cionn 500 ban ar shráideanna Mhontréal, agus gur andúlaigh drugaí a bhformhór. Is annamh a tháinig na póilíní i gcabhair orthu mar gheall ar a ngairm . Ar a suíomh idirlín cuireann an RCMP, póilíní Cheanada, béim ar an dochar a dhéanann na coirpigh, ar an drochíde a thugtar do dhaoine, an cháin nach n-íoctar agus an t-airgead á úsáid chun comhlachtai dlisteanacha a cheannach, an iomaíocht neamhchothrom a bhíonn ann dá bharr sin agus a dhéanann tuilleadh dochair dóibh siúd a chloíonn leis an dlí. Ach níl ach céatadán beag den airgead a gabhadh ar fáil le cabhrú leis na híobairtigh.
“Ba chóir deireadh a chur leis an toirmeasc ar dhrugaí agus cáin a ghearradh orthu siúd a dhíolann é. Bheadh i bhfad níos lú coiriúlachta againn ansin” adúirt an siopadóir san íoslach agus an áit á chur faoi ghlas don deireadh seachtaine aige. Ach fiú má tá an ceart aige ní ligfeadh rialtas Mheiriceá d’údaráis Cheanada é sin a dhéanamh.
Amuigh ar an Rue St-Catherine, príomhshráid siopadóireachta Mhontréal, bhí sé ag éirí dorcha agus soilse néoin á lasadh ar fud na háite. Ag fógairt ‘contact dancing’ agus clubanna striopála a bhí an-chuid díobh, agus bhí daoine suite i ndoirse siopaí, blaincéidí timpeall orthu, madra beag ina mbaclainn ag tabhairt beagán teasa dóibh, iad ag iarraidh déirce. Labhair fear deaghléasta téagartha ag doras néonlasta liom. “Nár mhaith leat ár gcuid cailíní a fheiceáil?” Cúpla slat ar aghaidh bhí cúilfhionn ghleoite i gcóta geal gearr ag súil le custaiméirí a mhealladh. Agus bhí na mílte ag triall ar scannáin agus ar thábhairní agus ar chlubanna oíche, agus gan oiread is póilín amháin le feiceáil ar mhórshráid na cathrach seo ina maireann breis is trí mhilliún duine.
I nDomhnach
Ní raibh sí sásta dul leis in áit ar bith, in ainneoin gur dhúirt sí go raibh muinín aici as agus go mbeadh siad ina gcairde go deo.
‘Ach ba mhaith liom aithne a chur ar do chathairse’, ar seisean léi. ‘Nár dhúirt tú liom sa ríomhphost deireanach go mbeadh áthas ort do chomharsanacht agus do muintir a chur in aithne dom?’
‘Ach níl mo mháthair go maith, caithfidh mé aire a thabhairt di.’
Bhí sé sin ráite aici cheana sa ríomhphost agus b’éigean dó glacadh lena leithscéal.
Ní raibh barúil aige mar sin cad a dhéanfadh sé an mhaidin Domhnaigh seo. Bhí an Metro nua in aice láimhe, tuige nach rachadh sé go ceann scríbe air? B’fhéidir go bhfeicfeadh sé rud éigin spéisiúil.
Ní raibh mórán daoine sa stáisiún, nó paisinéirí ar aon chaoi. Bhí go leor daoine eile ann, agus níorbh fhada gur ordaigh duine acu dó a cheamara a chur uaidh mar nach raibh cead grianghrafanna a ghlacadh ar chúiseanna slándála.
‘Seafóid’ ar sé leis féin. ‘Ní féidir cosc a chur ar ghrianghrafanna agus ceamara ina ghuthán ag gach duine os cionn dhá bhliain déag d’aois fiú sa tír bhocht seo.’ Ach chuir sé uaidh a cheamara ar aon nós, níor theastaigh uaidh triail a bhaint as béasa nó as foighead fir a raibh gunna agus smaichtín mór lena chrios. D’iarr sé ticéad fillte ach níor tugadh dó ach ceann singil, ní raibh a dhath eile ar fáil.
Mar sin isteach leis sa traein úrnua agus shuigh i gceann de na caráistí cúil. Bhí beirt chailín beag ann, thart fá ocht mbliana d’aois, agus garda. D’fhág sé a cheamara ina phóca. Bhí duine de na cailíní ag tabhairt na súl don gharda, ar bhealach a shíl sé a bhí i bhfad ró-aibí do leanbh dá haois. Níor thug an garda aon aird uirthi. Cúpla stáisiún ar aghaidh d’éirigh na cailíní as a suíocháin agus d’fhág an traein, tóiníní ag craitheadh amhail is dá mbeadh ceol merengue ina gcluasa acu. D’amharc an garda air:
‘Tá súil agam go mbeidh siad slán na créatúir. Ní mhaireann an tsoineantacht i bhfad sna sráideanna. Is ar éigean go raibh siad sin in aon teach phobail ar maidin.’
Nó b’fhéidir gurb é sin a dúirt sé, ní raibh sé róchinnte dá chuid Spáinnise ná de chanúint na cathrach seo. Shiúil an garda leis ar aghaidh go carráiste eile
Chuaigh an Metro os cionn talaimh tar éis tamaill agus bhí radharc aige ar cheantair nach bhfaca sé riamh cheana. Ní raibh sé cinnte cén treo a bhí sé ag dul, ba fhada an turas é, agus fuair sé tuairim de mhéid agus de bhochtaineacht na cathrach nach raibh le fáil sa cheantar ollscoile ina raibh formhór a chuid ama caite aige.
Ceann scríbe. Mama Tinga ainm an stáisiúin, ach b’eol dó nárbh ionann ainm an stáisiúin agus ainm an cheantair. Stáisiún breá, cosúil le stáisiún traenach ar bith i gcathair Eorpach, ach i bhfad níos ciúine. Amach leis ar an tsráid. Bóthar mór leathan le trácht mhear ach bhí margadh ar shráid thíos faoi. Síos leis. Ní raibh aon rud iontach sa mhargadh, glasraí agus nithe beaga éagsúla ar díol. Thosaigh sé ag glacadh pictiúr de na páistí a tháinig chuige ina rith. Thug sé bonn airgid do bhuachaillín gan smaoineamh, agus bhí fiche timpeall air agus a lámha sínte amach acu, amhail clann an tincéara i m’Asal Beag Dubh. I leathnóiméad bhí a raibh de bhoinn ina phóca tugtha uaidh aige agus ag bun na sráide.
‘Vous parlez Français, Monsieur?’
Bhain an cheist geit as, fear ard tanaí i mbríste gearr agus t-léine a bhí ag caint le bean a raibh seastán bia friochta aici a bhuail bleid air.
‘Un petit peut’ ar sé mar a deireadh sé de ghnáth ina leithéid de chás. D’iarr an fear air triail a bhaint as bia na mná, ach bhí amhras ar Dháithí faoin chineál feola a bhí ann, cé go raibh cuma chairdiúil iontaofa ar an mbean. Ní raibh sé cinnte go dtuigfeadh sé aon fhreagra a thabharfadh sí dá gcuirfeadh sé ceist uirthi cén cineál feola a bhí aici, ná go mbeadh freagra ionraic le fáil uaidh.
‘Níl mo bhricfeasta ach díreach ite agam, go raibh maith agat.’
‘Ar mhaith leat mo theach a fheiceáil?’ arsa an fear ansin. D’fhéach Dáithí go hamhrasach ar an mbean. Sméid sí, agus ghlac sé leis nach mbeadh sé i mbaol.
‘Maith go leor’,
Agus síos leo trí shráideanna beaga caola gan dromchla. ‘Tóg an oiread pictiúr agus is mian leat. Tá tú sábháilte i mo theannta.’
Ghlac sé le focal a chara nua agus lean siad orthu. Cuireadh é in aithne do ‘chol ceathracha’ éagsúla an fhir. Thosaigh leanaí ag bailiú timpeall agus áthas orthu go raibh pictiúir á nglacadh díobh. Shiúil siad isteach i siopaí nach raibh mórán ar a gcuid seilfeanna ach bhí an bród céanna ar na húinéirí go raibh an strainséar ann lena cheamara agus a bhí ar na cailíní a ndeirfiúracha agus a ndeartháracha beaga a thaispeáint dó.
Shiúil a threoraí isteach i dteach beag adhmaid, mar a raibh cúpla cailín sna déaga. Tháinig bean amach as seomra beag, an chuma uirthi go raibh sí díreach tar éis cith a ghlacadh, agus éadaí glana a chur uirthi. Bhí a gruaig fós fliuch. Máthair na gcailíní.
Labhair an treoraí léi. Ba chosúil le meascán de Fhraincis agus de Spáinnis an teanga a labhair siad. Ach tuigeadh dó go raibh an treoraí á rá léi go raibh sé féin sa tír le bean a fháil. Labhair sí leis i Spáinnis, agus scríobh sí uimhir ar phíosa páipéir.
‘Cuir glaoch orm go luath’ ar sí. ‘Teresa is ainm dom.’
‘Teresa la bonita’ ar sé léi le meangadh. Rinne sí meangadh mór leis agus ghlac sé pictiúr di. Bhí sceitimíní ar na cailíní, a hiníonacha. Mhothaigh sé trua di. Ní bheadh sé ag glaoch uirthi, ach chuir sé an giota páipéir ina phóca ar aon nós.
Síos sráid eile, trí na sluaite páistí a bhí ag súgradh. Tháinig siad chuig ballaí tí, agus min bhuí ag fás laistigh. ‘Seo é mo theach’ arsan fear. ‘Tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe agam an bhliain seo chugainn, agus beidh mé in ann mo chailín a phósadh ansin. Tá sí go hálainn, as Colombia.’
Chuaigh siad ar aghaidh, an fear ag beannú do chairde agus do ghaolta, a chuid cainte dothuigthe cuid mhaith den am. Rith sé leis gurbh í teanga Haítí a bhí á labhairt ag cuid mhaith de na daoine. Bhí cuma éagsúil ar nithe anois, slua beag á leanúint go teach a bhí níos mó agus níos faide ná go leor eile.
Isteach leo beirt, agus lean cuid den slua iad. Bean ag scairtíl gur cheart don strainséar airgead a thabhairt ar son na bpictiúr. Ach níor thug an treoraí aon aird uirthi. Chuir sé fear an tí in aithne dó agus dúirt gur ‘brujo’ é. Ní raibh an strainséar cinnte cad a chiallaigh an focal sin, ní raibh aon chuma éagsúil ar an fhear seo, ach go raibh a theach níos mó agus níos saibhre ná na tithe eile. Chuaigh isteach trí dhoras i gcúl an tseomra, trí sheomra go doras eile a bhí faoi ghlas. Lean siad é isteach sa tríú seomra agus cuid den slua sna sála orthu.
Bhí seilf nó binse fada le balla agus cathaoir phlaisteach ar an urlár. Chomharthaigh an brujo don strainséar suí sa chathaoir, rud a rinne sé. Las an fear coinneall. Bhí na daoine ag faire. Cé nár mhothaigh sé aon eagla shíl an strainséar go mb’fhearr dó bailiú leis as an áit seo. Sheas sé agus dúirt ‘No, no me gusta’ ní maith liom é seo, agus shiúil amach tríd na doirse go dtí go raibh sé lasmuigh ar an tsráid arís. Bhí guth na mná ag cloisteáil ag gearán nár thug sé aon airgead do dhaoine as a bpictiúir a ghlacadh. Bhí an treoraí lena thaobh agus shiúil siad ar aghaidh tamall eile. ‘Cén fáth gur rith tú amach as an áit sin? An bhfuil eagla ort roimh na draoithe?’ Bhí Fraincis á labhairt arís ag an treoraí.
‘Ní chreidim i ndraíocht, ach ní raibh mé ar mo shuaimhneas agus na daoine sin ag brú isteach orm. Agus níor rith mé,’ ar seisean á chosaint féin.
‘Conas a bhfuil Fraincis agatsa ar aon nós?’ ar seisean.
‘Chaith mé cúpla bliain in arm na Fraince. D’fhoghlaim mé Fraincis agus dornálaíocht. Féach, ní chuirfidh aon duine isteach ort agus mise leat.’ Bhí cuma fhíor go leor ar na gothaí a chuir sé air féin.
‘An mar sin é? Déarfainn nach fear cathrach tú agus an mhin bhuí sin ag fás i láthair do thí.’
‘As Barahona, siar ó dheas. Bhí feirm bheag ag mo mhuintir. Ach chaith mé go leor ama ar an gcósta thuaidh. Is ansin atá mo chailín, as an Cholóim, is iad mná na Colóime na mná is áille sa domhan. Pósfaimid nuair a bheidh mo theach críochnaithe.’
Bhí scata buachaillí beaga ag ní carr mhór, ach stop siad nuair a chonaic siad an strainséar lena cheamara. Chaith siad na lámha san aer agus straois mhór ar gach duine acu.
‘A trabajo!’ arsan strainséar go magúil agus ar ais chun oibre leo, agus fuair sé an pictiúr a bhí uaidh. Níor smaoinigh sé ar cheist a chur cé aige a bheadh carr mór nua sa bharrio seo, nach raibh tarra fiú ar na sráideanna.
Bhí beagán imní ag teacht air, mar go raibh a fhios go maith aige nach bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh ar ais chuig an Metro gan treoir, ach go tobann bhí siad ar phríomhshráid arís in aice le stáisiún metro eile. Shiúil siad go ceann scríbe agus thug sé nóta 500 peso dá chara nua mar chúiteamh ar son a chuid ama. D’fhág siad slán agus beannacht ag a chéile.
Ar ais san árasán bhí bean de na glantóirí i mbun oibre. Ba dheacair í a thuiscint ach thuig sé go raibh sí ag fiafraí de cár chaith sé an mhaidin.
‘Níl a fhios agam. Ag ceann scríbe an Metro’, ar seisean, ach dúirt sí nach raibh sí riamh ar an Metro nua agus nach raibh a fhios aici cá ndeachaigh sé.
‘Féach’ arsa Dáithí. ‘Tá pictiúir agam.’
Thaispeáin sé cuid de na pictiúir ar scáileán beag an cheamara.
‘Ó’ ar sise. ‘Tá cónaí ormsa sa cheantar sin. Sin é Sabana Perdita, tá aithne agam ar an fhear sin, agus ar na cailíní sin, agus air siúd.’
Shuigh sí siar sa tolg agus d’iarr sí air cúpla pictiúr a ghlacadh, rud a rinne sé go fonnmhar. Gheall sé di go bhfaigheadh sé priontaí di.
Agus é ag folmhú a phócaí san oíche fuair sé an blúire páipéar.
‘Teresa 625— —-‘
Ar maidin b’éigean dó cur síos a dhéanamh ar eachtraí an deireadh seachtaine sa rang. Dúirt an múinteoir nár chreid sé é, nach raibh aon draoi sa chathair, gur amuigh faoin tuath a bhí siad mar a raibh cónaí ar mhuintir Háití. Agus dúirt sé chomh maith gur dócha go raibh Fraincis ag an treoraí mar gurb as ceantar cois teorann dó, agus go mbeadh seans aige cur lena líofacht ar an gcósta thuaidh mar a raibh go leor tithe ósta agus ionaid saoire ag na Francaigh.
Ach fuair sé amach ina dhiaidh sin go raibh a chuairt bhuile ar Sabana Perdita ina ábhar comhrá agus comhairle ag múinteoirí an choláiste do na heachtrannaigh ina gcuid ranganna. An gringo a tháinig slán ón draoi a thug siad air go ceann seachtaine, go dtí go raibh eachtra beag eile aige nuair a dhiúltaigh a chara arís an Domhnach a chaitheamh leis.
Cé air atá an mearbhall?
Le tamall fada de bhlianta, fiú sular thit na bainc as a chéile cúig bliana ó shin, agus go raibh ar shaoránaigh na hEorpa agus an domhain iad a choinneáil beo go saorga le cánacha agus ‘fiacha’ nach nglanfar go brách, bhí an-chuid daoine óga dífhostaithe, agus ag an am céanna bhí brú á chur ar dhaoine a raibh a saol caite ag obair acu fanacht tamall eile chun ualach na bpinsean a laghdú.
Anois tá os cionn leath na ndaoine faoi 25 bliana d’aois gan obair san Aontas Eorpach, nó i gcuid mhaith de. Agus tá na húdaráis i dtíortha éagsúla ag ardú aois an phinsin, sa dóigh go mbeidh orthu siúd a bhfuil daichead bliana nó níos mó caite ag obair acu leanúint ar aghaidh gan seans acu a scíth a ligean go dtí go mbeidh beagnach seachtó bliain slánaithe acu.
Rinne na baincéirí praiseach ceart den gheilleagar, bhunaigh siad botháin chearrbhachais i Londain agus i mBaile Átha Cliath agus ar fud an domhain, ag úsáid cistí pinsin agus infheistíochta na gcéadta milliún oibrí le hiasachtaí ollmhóra a fháil agus a thabhairt amach. Tugadh liúntais chánach agus go leor leor dreasachtaí nó spreagthaí eile do dhaoine le níos mó airgid a chur ina bpinsin, sin nó le hiasachtaí a fháil le maoin a cheannach mar ‘infheistíocht’, le dul ar dhréimire an tsonais agus an tsaibhris.
Fadó fadó, sular athraigh Maggie agus Ronnie an domhan, bhí bainisteoirí bainc coimeádach cúramach agus bhí sé deacair fiú do na daoine a raibh postanna buana le pá maith acu iasachtaí a fháil. Caithfeadh go leor mallachtaí leo agus cuireadh ina leith go raibh srian á chur acu ar fhás na heacnamaíochta, agus laincisí ar dhaoine óga ar theastaigh uathu áit chónaithe a cheannach. B’éigean dóibh deich faoin gcéad nó níos mó de luach an tí a shábháil agus ní raibh cead acu níos mó ná dhá oiread go leith a dtuarastal bliantúil a fháil ar iasacht. Tháinig athrú ar an athrú. Faoin am a raibh réabhlóid na nuachoimeádach curtha i gcrích bhí iasachtaí 100% nó fiú 105% á mbrú ar dhaoine, cúig oiread a bpá, agus d’fhéadfá cibé tuarastal a d’oir duit a scríobh sa bhfoirm iarratais.
Cuireadh litreacha amach go rialta le daoine a mhealladh le hiasachtaí réamhshocruithe, ba chuma an raibh gá nó úsáid acu don airgead. Bhí sé chomh héasca sin iasachtaí foirgníochta a fháil gur spreagadh na céadta míle duine in Éirinn agus na milliúin ar fud na hEorpa, le teach nó dhó a cheannach dóibh féin agus leathdosaen eile mar ‘infheistíocht’ sa bhaile nó thar lear. Bhí an eacnamaíocht ag fás, tháinig na sluaite ó lár na hEorpa chun na tithe a thógáil, an oiread sin díobh go raibh go leor de na tithe agus de na hárasáin nua ag teastáil le lóistín a chur ar fáil dóibh ….
Is cuimhin liom ceist a chur ar dhuine nó beirt in Éirinn a bhí chomh gafa sin le maoin mar bhealach le saibhreas a dhéanamh: cad as a thiocfadh na daoine go léir? Cén dóigh ar féidir le cathracha agus bailte beaga na tíre leanúint orthu ag fás mar sin? Bhí an tuath bánaithe cheana féin, ní raibh na milliúin ann mar a bhí sa naoú haois déag. Ach chreid siad go diongbháilte go mbeadh fás de thrí nó ceithre mhilliún ar an daonra agus go raibh an infheistíocht sa bhfoirgníocht ‘chomh sábháilte le hairgead sa bhanc’ ach go raibh sé níos fearr an t-airgead (a bhí ar iasacht ón mbanc) a chaitheamh ar thalamh agus tithe mar go mbeadh luach na maoine ag fás go tréan.
Ag an am céanna thosaigh an rialtas ag brú ar na daoine ullmhú do na blianta díomhaoine a bhí rompu amach trí níos mó dá dtuarastal a chur ar leataobh le haghaidh an phinsin. B’iontach an spreagadh an faoiseamh cánach a bhí ar fáil leis na scéimeanna pinsin, go háirithe do lucht gnó féinfhostaithe. Idir airgead na scéimeanna pinsin agus infheistíochta, agus airgead a ‘cruthaíodh’ le hiasachtaí ó mhórbhainc an domhain bhí carn ollmhór dochreidte le dáileadh amach, agus dáileadh é le fonn agus le flosc. Ní fhéadfaí bainistiú a thabhairt ar obair na mbaincéirí, cearrbhachas neamhshrianta a bhí ann, iad ag maíomh nach bhféadfaí na duaiseanna móra a bhaint gan dul sa seans, ag cur meatachta ina leith siúd nach raibh an dearcadh céanna acu. Tá mé cinnte go raibh go leor de na baincéirí faoi gheasa ag an púdar geal as Meiriceá Theas agus iad ag ‘obair’ ceithre huaire is fiche sa lá le cur lena gcuid milliún. Níorbh iad na craoltóirí iomráiteacha ná na mainicíní amháin a bhí ag caitheamh drogaí agus iad i mbun a gcuid cúramaí.
Níl ag teastáil uainn faoi láthair mar bhaincéirí ach daoine atá in ann cuntasaíocht chúramach a dhéanamh, aire a thabhairt dár gcuid airgid, daoine ciúine coimeádacha nach gceadóidh dúinn amadáin a dhéanamh dínn féin le hairgead nach linne ná leosan é. Ní mór do na cearrbhaigh a thuiscint, agus glacadh leis, gur féidir leo gach rud a chailliúint i bhfiontar, agus nach dtiocfaidh an stát ná an saoránach ná aon duine ná dream eile i gcabhair orthu. Sin é bunús na tráchtála ó thús ama, dul sa bhfiontar. Tabharfar árachas de réir mar a mheasann cuntasóirí eile priacal an fhiontair, ach ní ceart go mbeadh aon duine ag súil le rathúnas ná bannaí más é a rogha a bheith míchúramach.
Is cosúil go bhfuil dhá chineál baincéireachta ann. Is gá iad a dheighilt óna chéile, sa dóigh go mbeidh a fhios ag daoine cá bhfuil a gcuid airgid ag dul, agus go mbeidh siad in ann a rogha féin a dhéanamh faoi shábháilteacht nó priacal a gcuid infheistíochta. Thar aon rud eile, ní ceart go mbeadh rathúnas stáit ar fáil d’fhiontair phríobháideacha.
Ó dheireadh an 19ú haois bhí pinsean á gcur ar fáil sna tíortha ba mhó a raibh forbairt thionsclaíoch déanta acu, agus leasa sóisialaigh eile de réir mar a bhí ag teastáil ar mhaithe le leas na tíre nó an phobail i gcoitinne. Bhí an stát freagrach as córais sláinte, imdhíonadh ar ghalair, uisce glan a sholáthar do chách, agus lean an fhorbairt ar aghaidh go tréan go háirithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Glacadh leis go raibh cúpla bliain den só tuillte ag daoine tar éis daichead bliain nó níos mó a chaitheamh ag obair, agus cuireadh airgead ar fáil dó sin, cuireadh fad le saol an ghnáthdhuine agus d’fheabhsaigh sláinte an phobail go mór – agus tharla sé seo go léir sula raibh rialtas ‘sóisialach’ i réim in aon tír, go deimhin ba é an sár-impiriúlaí Bismark a chuir na scéimeanna seo chun cinn más fíor. Tugadh an pinsean do dhaoine ag seachtó bliain d’aois, agus de réir a chéile laghdaíodh aois an phinsin agus fad á chur le saol an duine. Laghdaíodh chomh maith ar líon na laethanta agus na n-uaireanta oibre. Bhí daoine in ann dul ar saoire, bhí am le sparáil acu, d’fheabhsaigh an tsláinte agus cuireadh le fad an tsaoil.
Tháinig Maggie agus Ronnie i gcumhacht agus thosaigh an cúlú, cé gur fógraíodh go glórach agus go minic go raibh saoirse nua ann, go raibh daoine faoi dheireadh in ann éirí saibhir agus ábalta a gcuid saibhris a choinneáil, rogha a dhéanamh de na seirbhísí a bhí ar fáil go príobháideach mar go raibh an t-airgead acu, go mbeadh costas níos ísle ar shláinte agus ar thaisteal, agus mar sin de. Ach cuireadh in iúl go tréan freisin go gcaithfeadh daoine obair le luach a saothair a fháil. B’fhiú do go leor obair go crua, seacht lá na seachtaine, dhá uair déag sa lá, mura raibh uathu ach airgead, agus rinne cuid acu na múrtha (bhí drugaí ag teastáil ó go leor díobh, idir dhleathach agus mhídhleathach, le coinneáil ag obair chomh fada sin, agus bhí siad ar fáil go flúirseach in ainneoin an chogadh in aghaidh na ndrugaí a bhí ar bun go fuilteach costasach sna tíortha bochta ó dheas).
Ach i ndáiríre níorbh iad na gnáthdhaoine a raibh orthu breis oibre a dhéanamh má theastaigh uathu postanna a fháil nó a choinneáil a rinne an saibhreas, ach iad siúd a fuair a lámha ar thaiscí agus ar chistí pinsean na ngnáthdaoine sin agus a chuaigh i mbun cearrbhachais leo, nó lucht an tsaibhris bhuan nach gcailleann riamh. Súdh an saibhreas ón ngnáthdhuine sa domhan saibhir, agus ó beagnach gach duine agus tír ó dheas, isteach i lámha daoine gan ainm gan fhreagracht, a spreag boilsciú i dithíocht agus scaoll agus flosc ceannúcháin ionas go raibh gach duine ag rith cosa in airde le fanacht san áit a raibh siad i 1980 nó le teacht go bun an dréimire infheistíochta mar gur shíl siad go mbeadh siad gan dídean mura gceannódh siad árasáinín nó teach beag suarach ar dheich n-oiread a dtuarastal. Ar ndóigh níor leor an obair bhreise a dhéanamh, níor leor na hardaithe tuarastail, bhí luach na maoine ag ardú róghasta, ach bhí na bancanna ansin ag brú iasachtaí go tréan le sclábhaithe fiacha a dhéanamh as an oiread daoine agus ba fhéidir leo.
Tuigeadh, go háirithe i dtíortha an Bhéarla, nár ghá aon rud a dhéanamh i ndáiríre ach airgead, agus bhí an t-airgead is mó ar fáil as airgead a cheannach agus a dhíol, ba chuma i ndáiríre faoin déantúsaíocht nó faoin táirgíocht, bhí an brabús ba mhó á dhéanamh as na hiasachtaí, iasacht don tógálaí le heastát a thógáil, iasacht do na ceannaitheoirí lena gceannach, iasacht don infheisteoir le scaireanna a cheannach i bhfiontair na dtógálaithe, iasachtaí ina mullach sin le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i bhfiontair thar lear agus mar sin de. Agus ba é síolteagasc na nuachoimeádaithe nár cheart aon cháin a íoc ar an ‘bhfiontraíocht’ seo uilig. Ach bhí cáin á íoc ag na hoibrithe, agus dleachta nuair a cheannaigh siad na tithe a bhí ródhaor dóibh, ach mar dhreasacht bhí faoiseamh cánach ar fáil le morgáistí a chur orthu, rud a spreag daoine hiasachtaí a bhí thar a n-acmhainn a fháil, agus a chuir tuilleadh gáis i mbolgóid an bhoilscithe a bhí ag tarlú i bhfoirgníocht agus i luach na talún nuair a bhí praghsanna ag titim sna sean-earnálacha eacnamaíocha, go háirithe sa déantúsaíocht a aistríodh go tíortha i gcéin ar mhaithe le brabús a mhéadú agus cáin a sheachaint.
Táimid ag filleadh ar na meánaoiseanna, sealúchas agus saibhreas na tíre agus an domhain ag aicme uilechumhachtach gan srian, duine as céad, an chuid eile ag titim nó tite isteach san aicme eile, daoine gan sealúchas, gan acu ach bochtaineacht nó fiacha. Sclábhaithe.
An dtiocfaidh aon athrú?
Craoschuimhne
Ag deifriú leis go dtí an Busáras. Trí shráideanna cúnga, thrasnaigh sé an Laoi faoi dhó. Chonaic buachaillí ‘móra’ ag léamh coimicí do chailíní.
Thar doras tí.
Cailín beag, seacht nó ocht mbliana d’aois in a suí ag leac an dorais.
Bosca mór seacláidí oscailte aici agus í ag ithe go craosach.
Mhoilliigh sé le stánadh uirthi agus na milseáin á sá ina béal smeartha aici ceann i ndiaidh a chéile.
Shamhlaigh sé é féin agus an seisear eile sa bhaile ag roinnt bosca chomh mór le chéile, in aon iarracht amháin. Ní cheadódh a mháthair choíche é.
Conas a dfhéadfadh sí é sin a dhéanamh gan cead?
Nach maródh a máthair í?
Is Cuma linn sa Diabhal
“Vamos”
Rug sí greim uillinne orm agus mé ag siúl na sráide. Stop mé, ní raibh mé cinnte cad a bhí i gceist aici. Cailín álainn dubh ón Afraic, ag a deich a chlog ar maidin i bpríomhchathair na Spáinne.
“Vamos”
Tharraing sí ar m’uillinn arís agus meangadh ar a béal.
“Cad as duit?” ar sise.
“Cad as duitse? agus cén áit ar mhaith leat dul?”
“As an Nigéir. An dtiocfaidh tú liom tamall?”
Ar aghaidh liom. Cúpla méadar eile agus bhí cailín níos áille fós ina seasamh ar nós deilbh, stríocaí daite ar a haghaidh.
Tá siad le fáil i sráideanna na gcathracha ar fud na hEorpa. Ar tairiscint ar an idirlíon mar chompánaigh uaire nó oíche i dtithe ósta agus in árasáin. Cuid den saol agus den mhargadh laethúil nach dtugaimid aird ar de ghnáth ach nuair a theagmhaíonn sé go díreach linn, nó nuair a théimid ar a thóir.
Ar ndóigh dá mbeinn im iriseoir ba cheart dom glacadh le cuireadh na mná óige sin ar mhaithe le hagallamh a chur uirthi agus a scéal a fháil. B’fhéidir go bhfuil sí sona sásta lena gairm, b’fhéidir nach bhfuil agus nach raibh aon rud eile uaithi ach a bheith go hálainn agus airgead a dhéanamh as a colainn a roinnt le strainséirí. Ach tá na scéalta fiosraithe ag daoine eile ar aon nós, anseo mar shampla:
http://aafroscandic.wordpress.com/2013/03/24/life-as-a-nigerian-prostitutes-in-italy/
Bíonn málaí agus scannáin ar díol i ngach áit ina mbailíonn turasóirí chomh maith, fiacha le glanadh acu siúd a tháinig slán thar fásach agus farraige agus trí chustaim agus sconsaí slándála.
Is mór an t-uafás a cuireadh orainn le roinnt laethanta anuas mar gheall ar na céadta a cailleadh agus iad ar a mbealach ón Afraic go Lampedusa. Ach ní haon scéal nua é seo, bádh suas le 14,000 duine le cúig bliana déag anuas.
http://www.juancole.com/2013/10/immigration-mediterranean-graveyard.html
Ní bhaineann aon rúndiamhair leis an bhfonn atá ar na daoine teacht chun na hEorpa ón Afraic agus ón Mheán-Oirthear. Teastaíonn saol níos fearr uathu, saol níos fearr ná an foréigean agus an bhochtaineacht atá á gciapadh ina dtíortha féin. Ní hé go bhfuil an Nigéir nó an tSomáil nó a lán den Afraic bocht i ndáiríre – tá brabús as cuimse á dhéanamh le blianta fada as ola, mianraí agus éisc na mór-roinne, ach is fíorbheagán de a fhaigheann na daoine a chónaíonn sna ceantair shaibhre sin. Truailliú agus leatrom agus dúshaothrú agus i bhfad an iomarca airm tine atá mar acu mar bhronntanas ón bhforbairt agus ón saol nua-aimseartha. In áit iarracht éigin a dhéanamh a fháil amach tuige an bhfuil an oiread sin bochtaineachta in ilchríoch chomh saibhir, is mian le hEorpaigh na teorannacha a dhaingniú agus na teifigh a choinneáil amach, fiú iad a shíobadh de dhromchla na mara le buamaí agus le hurchair ‘mura dtuigeann siad aon rud eile.”
Tá léargas tuisceanach d’uafás agus de chruatan na n-imirceoirí le fáil i leabhar le Alan Titley.
http://www.siopagaeilge.ie/products/D%E9aglitr%EDocht/product8-31.htm
Dá léifeadh daoine an leabhar sin agus a leithéid eile b’fhéidir go mbeadh athrú meoin san Eoraip. Is muidne lenár ndúil i mbia saor, i mbréagáin leictreonacha a dteastaíonn mianraí an Chongó lena n-aghaidh, leis an réiteach míleata a lorgaíonn ár gceannairí ar gach ‘fadhb’, atá freagrach as cuid mhór den chruatan, den ghéarleanúint, den imirce thragóideach seo.
Ní féidir daoine a stopadh. Gheobhaidh siad bealach amach as an anró, fiú má bhíonn orthu dul i bhfiacha le coirpigh gan trócaire a dhéanfaidh striapacha nó sclábhaithe díobh, fiú má tá a fhios acu go ndéanfar a lán acu a mharú, a éigniú, a robáil ar an mbealach fada thar sléibhte agus fásaigh agus farraigí. Tá an fhís seo rompu:
agus íomhánna iomadúla eile d’áilleacht agus de shaibhreas na dtíortha ó thuaidh. Nárbh fhearr a bheith i do ghiolla ag cur snasa ar charr mar seo do mhilliúnaí éigin ná piléar a fháil sa chloigeann?
Cuireann sé díomá orm go bhfuiltear ag caint ar bhealaí chun stop a chur leis an inimirce, na daoine a chur ar ais go dtí a dtír féin, a fhógairt go láidir nach bhfuil aon pharthas i ndán dóibh ó thuaidh, ach bás léanmhar sa bhfásach nó san uisce.
Nach féidir a dhath eile a dhéanamh? Eitleáin agus saighdiúirí in aghaidh treallchogaithe bunchreidmheacha, longa cogaidh le srian a chur ar fhoghlaithe mara, sconsaí arda agus sreangacha deilgneacha, agus seomraí suaracha i sean-óstáin dóibh siúd a n-éiríonn leo teacht chomh fada lenár gcóstaí. Nach bhfuil aon rud eile ann?
Cad faoi rialacha a chur i bhfeidhm ar na hollchomhlachtaí atá a sú an tsaibhris as an Afraic leis na cianta (lean Goodyear orthu ag saothrú rubair le linn gach uafás a tharla sa Libéir, a bhfeirmeacha agus a monarchana cosanta ón gcorraíl mórthimpeall orthu). Nach féidir gnó a dhéanamh le tíortha daonlathacha seachas le deachtóirí? Nach féidir na deachtóirí a ruaigeadh ar bhealach éigin eile seachas le hionradh tubaisteach mar a rinne ar an Libia? Is é an toradh a bhíonn ar an gcur isteach ón taobh amuigh go ró-mhinic ná go méadaítear an foréigean agus an fonn imirce. An féidir teacht ar phlean a dhéanfadh leas na hEorpa agus na hAfraice in éineacht?
Tá sé ró-shoiléir b’fhéidir. Má bhíonn obair agus slándáil ag daoine beidh siad sásta fanacht mar a bhfuil siad, lena muintir féin, agus a saol a fheabhsú ar gach dóigh. Ba bheag an spreagadh a bhí ag na Gaeil a saol a fheabhsú nuair nach raibh seilbh ar an talamh acu. Sin céim mhór amháin a chaithfear a ghlacadh, Bíodh seilbh na talún ag na daoine atá ag obair uirthi.
Tá mianraí agus fuinneamh ag teastáil ón Eoraip. Níl aon easpa smaointe ann faoi sin.
Bheadh sé an-chostasach tús a chur le scéimeanna mar seo, ach ar deireadh thiar nach mbeadh an oiread sin le gnóthú astu gur fiú tabhairt fúthu, na milliúin a fhostú, bóithre agus iarnróid agus cathracha nua a thógáil, ionaid a chruthú a mheallfadh daoine i dtreo saoil níos fearr ina dtíortha agus ina gceantair féin.
Ach ar ndóigh ní dhéanfar é. Tá an baol slándála ró-mhór anois. Níl na bunchlocha riaracháin ná oideachais ná cumarsáide ann. Cumfar céad leithscéal gan tabhairt faoi scéimeanna ollmhóra fad-téarmacha. Ní bheidh an t-airgead ann. Beidh sé ag teastáil le haghaidh eitleán agus longa cogaidh campaí géibheann…..
Marbh leis an tart, isteach liom sa colmado le buidéal Gatorade a fháil. Dúradh liom go raibh sé go maith don aeráid thais mheirbh. Triúr fear ina suí ar a suaimhneas. ‘Suigh linn tamall agus eachtraigh dúinn.’
Cheannaigh mé mo bhuidéal, agus d’fhiafraigh díobh ar mhaith leo féin deoch. Ghlac siad le buidéal den deoch céanna agus roinn siad eatarthu é.
‘Poncán?’
‘Ní hea ach Éireannach?”
‘An bhfuil sé sin áit éigin in aice le Meiriceá?’
‘Níl, oileán in Iarthar na hEorpa, amach ón Fhrainc agus ó Shasana.’
‘Agus an bhfuil teorainn agaibh le tír ar bith?’
– ‘Níl a amadáin, arsa duine acu, nár dhúirt sé oileán í a thír?’
Cé go bhfuil teorainn ar a n-oileán féin shíl mé nárbh é seo an t-am le míniú a thabhairt ar staid na hÉireann agus gan ach seachtain den chúrsa Spáinnise déanta agam.
Chuir duine acu ceist eile orm. Níor thuig mé na focail, chuir mé ceist air an bhféadfadh sé é a litriú, nó a thaispeáint dom sa bhfoclóirín…. Ní raibh sé in ann…. Níor smaoinigh mé air go mb’fhéidir nach mbeadh léamh acu.
‘Tá an teas do mo mharú. Agus mo chraiceann ró-gheal don ghrian anseo. Anois dá mbeadh bean as an áít agam, d’fhéadfadh clann den dath ceart a bheith againn. .. . ‘
‘Is furast sin a réiteach. Ar mhaith leat beainín dheas dhorcha?’
‘Ag magadh atá mé,’
Isteach ainnir ghual-dubh. An raibh teachtaireacht curtha ar bhealach éigin?
‘Sin agat anois í, spéirbhean bhreá dhorcha.’
Cheannaigh mé buidéal di siúd fosta.
‘Tá tú go deas, ach tá tú i bhfad ró-óg dom a thaisce. D’fhéadfainn a bheith mar athair agat.’
Spréach sí.
‘Tá mé seacht mbliana is fiche d’aois agus mac seacht mbliana d’aois agam. Nach cinnte nach bhfuil mé ró-óg!’
‘Agus tá mise os cionn leathchéad bliain d’aois agus mac scór bliain d’aois agam! Ádh mór ort a stóirín, agus oraibhse a fheara.’
Cuimhne
1968. Ag fágáil Árainn Mhór. Fear agus bean i mbarróg bhrónach, gan aon chaint astu. Ba é an fear an duine deireanach ar bord agus chaith sé a chuid ama ag amharc siar ar a bhean ar an ché. Bhí sí ina seasamh léi féin agus í chomh gruama. Ní raibh focal as ceachtar acu. Thosaigh an bád ag tarraingt amach ón ché.
Chuir an fear a lámh i bpóca a sheaicéid agus chaith bosca toitíní a thuirling ag a cosa. Ní raibh focal astu, ná croitheadh lámh ná comhartha ar bith eile.
Chonaic an gasúr óg pian na himirce.
Gleann Maighir
Tá Tomás Ó Cannain imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir ollscoile, ceoltóir, scríbhneoir, Gael. Bhunaigh sé Buaic Teoranta sna Seascadaí le Fionntán Mac Aodha Bhuí, Séamus Ruiséal le Gaeltacht a bhunú in aice le cathair Chorcaí, agus daoine eile, agus thóg sé féin agus a bhean Helen teach in Ard Barra i 1967. Bhunaigh sé féin agus Matt Cranitch an grúpa Na Filí. Tá dea-chuimhne agam ar na trí bliana a chónaigh muid in Ard Barra. Slán leat go fóill Thomáis, tig leat dul siar ar na cuimhní le m’athair agus mo mháthair a chuaigh chuig an saol eile tamall beag romhat.
Diarmuid Ó Gráinne
Fear a mhothaigh pian an duine, comhbhá iontach leis na bochta. Teanga shaibhir líofa ina chuid leabhar. Beifear á léamh agus ag baint taitnimh astu fad a mhairfidh an Ghaeilge.
Leabhair
An Fhealsúnacht agus an tSíceolaíocht (comh-eagarthóir)
Spéir Thoirní 1993
Karl Marx (asitriúchán) 1993
Spealadh an Drúchta (dánta) 1995
Peait Phádraic Tom Ó Conghaile, a Scéal Féin 1997
Coill Chríon na bhForbacha 2001
Cloch Scoiltí 2003
Doirse Éalaithe 204
Fágann Marbh Láthair 2006
An Doras Iata 2007
Cúba agus Castro 2009
An Drochshúil 2009
Muintir na Coille 2011
An Strainséara (Aistriúchán ar L’étranger) 2012
Ó Rinn go Sáil 2012.