Cartlanna Údair: Iarla

Loighic linbh.

“Tá dhá theanga ag an bpréachán”, ars mo dheartháir liom tar éis na scoile.
“An bhfuil? Conas a bhfuil a fhios agat?”
“Mar sa scéal a léigh muid sa rang inniu bhí a theanga bheag amuigh ag an bpréachán leis an tart. Má tá teanga bheag aige, tá teanga mhór aige chomh maith.
Mar sin tá dhá theanga ag an bpréachán,” ar seisean go cinnte.

MI chica, Mi Novia, Mi Amor

Saighdiúr le taobh an bhóthair, a lámh in airde aige.

B’fhearr stopadh.

‘An dtabharfá cuid den mbealach mé?’ Aghaidh óg shoineanta.

‘Cinnte suigh isteach. Cá bhfuil do thriall?”

“Jimani.”

“An bhfuil an bóthar go maith?”

“Tá.”

“Rachaimid ann mar sin.”

Bóthar go Jimani

Ag an chéad bhaile eile, stop siad le greim a ithe. Plátaí móra ríse agus piseanna agus feola, buideal mór Fanta don saighdiúir. Ocht mbliana is fiche d’aois, deich mbliana caite san arm aige, ina leifteineant de chineál éigin, gan airgear ar ndóigh. Bhí an-áthas air go raibh duine eile ag íoc as a bhéile, timpeall 200 peso don bheirt.

Triúr ag ‘geata’’ an chéad bhaile eile, rampa nó uchtóg  ard moillithe a scriosfadh cabhail an charr go luath mura mbeadh a fhios ag tiománaí conas dul thairis, agus ní raibh a fhios sin ag an tiománaí as Éirinn. Áit mhaith le síob a lorg. D’aithin an paisinéir iad. Isteach leo sa suíochán cúil, beirt sna ficheadaí, duine beagán níos sine, ag filleadh chun na beairice i Jimani tar éis tamall saoire.

Mhúin siad don tiománaí an roth stiúrtha a chasadh go mear agus é ag dul thar rampa. Baineadh torann as cabhail an charr cúpla babhta eile ach tar éis dul trí chúpla pueblo eile bhí an inlíocht i gceart aige.

Diarr siad éisteacht leis an raidió. Rinneadh an tiúnáil go dtí go raibh siad sásta leis an cheol a bhí le cloisteál.

“Sin é, ceol maith. An bhfuil a fhios agat cad é atá ann?”

“Reggaeton?”

“Maith thú. Ní strainséar tú ar chor ar bith”.

Bhí siad ag comhrá eatarthu féin tamall ansin, faoina gcuid ban. Duine ag caint faoi ‘chica’ (cailín), duine faoina ’novia’ (nuachar nó leannán fadtéarmach) agus luaigh fear eile ‘mi amor’ (mo ghrá). Idirdhealú spéisiúil.

Jimani, baile beag teorann, cuma shalach chaite dheannachúil air. Amach leis na saighdiúirí óga as an charr, dúirt an té ba shine go bhfaigheadh sé teach ósta don strainséar. Chuir an chéad teach a mhol sé uafás ar an tiománaí, bloc concréide le fuinneoga bídeacha agus balla ard gránna mórthimpeall air.

‘An mbeadh áit éigin beagán níos fearr ná sin ann?’

Porte au Prince márta11_Iarla 3

Ar aghaidh leo tamall eile, go teach fada íseal le geata leathan miotail. Ní raibh droch-chuma air, shamhlófá é i gcóilíneacht the éigin de chuid na Breataine in oirthear na hAfraice. Bhí cailíní ag suí thar ar an linn snámha.

Porte au Prince márta11_Iarla 2

Bhuail amhras an tÉireannach

“ní teach striapachais é seo?”

“Cinne ní hea, níl ann ach go dtugann siad cead do na daoine óga an linn a úsáid. Beidh tú féin agus do charr breá sábháilte anseo. Go raibh maith agat as an síob agus ádh mór.”

Porte au Prince márta11_Iarla 7

Pháirceáil sé an Nissan agus isteach leis. Fear óg as Háítí a chuir fáilte roimhe. Dúirt sé go raibh sé anseo ar an teorainn ó leagadh a theach  bliain roimhe sin sa chrith talún. ‘Shábháil Dia mé’, ar seisean. ‘Rug m’aintín orm agus tharraing sí amach mé agus na ballaí ag titim orm.’

‘An Críostaí tú’?’ ar seisean.

‘Ba ea tráth, ach ní thuigim cad chuige a mbeadh duine ar bith ina Chríostaí nuair a fheiceann sé an éagóir sa domhan.’

‘Bhí muid lofa le peacaí, go háirithe na Caitlicigh. Díoltas Dé a bhí sa chrith talún.’

‘Má bhí fearg ar Dhia tuige ar leag sé Porte au Prince? Nach mbeadh an íde sin tuillte níos mó ag  Nua Eabhroc, Páras nó Londain?’

Lean an comhrá ar aghaidh i Fhraincis.  Tháinig fear óg eile an bealach. Chuir sé ceist an mbeadh aon obair ar fáil ‘i do thír’.

‘Tá eagla orm nach bhfuil, tá na céadta míle ag imeacht as Éirinn ó theip ar na bancanna…. Mura bhfuil tú i do dhochtúir níl aon seans duit in Éirinn.

Porte au Prince márta11_Iarla 5

Chuir an chéad duine ceist air.

“An mbeifeá ábalta cabhrú liom? Tá $50 ag teastáil uaim le pas a cheannach, beidh mé ábalta an teorainn a fhágáil agus dul go Santo Domingo, obair a lorg in óstán ansin.’

‘An bhféadfá mé a thabhairt go Porte au Prince ar maidin agus mé a threorú ar feadh an lae? Tabharfaidh mé $50 duit ansin, maith go leor?’

‘Cinnte. Beidh mo dheartháir anseo in ann mo chuid oibre a dhéanamh amárach.’

Tháinig cailín beag isteach agus chuaigh go dtí an strainséara. Í cairdiúil grámhar. ‘Ní raibh mé ar scoil riamh,’ ar sí.

Porte au Prince márta11_Iarla 6

Theastaigh uaithi suí ar a ghlúin, agus mhothaigh sé míchompordach. Chaithfí amhras ar fhear a chuirfeadh cailín beag ar ghlúin in Éirinn. ‘Cá bhfuil do mháthair?’ ar seisean léi.

‘Sin thall í, glanann sí na seomraí agus déanann sí an bricfeasta.’

Rinne sé beagán eile comhrá léi roimh dhul chuig an seomra a bhí curtha in áirithe ar feadh dhá oíche.

Bhí na daoine go deas ach cuma ar dhoras an tseomra leapa gur briseadh an glas air go minic. Níor chuidigh sé sin, na smálanna dorcha sa bhfolcadán ná scairteanna na gcoileach leis codladh na hoíche a dhéanamh.

Ach bhí sé ag tnúth go mór le turas na maidine chuig tír a bhí ina shamhlaíocht le blianta fada ó chonaic sé leabhar ag a athair tráth faoi Papa Doc.

Montréal – An Taobh Dorcha

Montréal – an Taobh Dorcha

Fógra ar fhuinneog fá dhlúthdhioscaí agus leabhair athláimhe a mheall síos an staighre mé go dtí an siopa mór faoin talamh. Seanchluichí ríomhaire, seancheirníní, dlúthdhioscaí, T-léinte agus postaeirí, gléasanna raidió mar a bheadh ag do dhaideo leathchéad bliain ó shin, corrrcheamara, páirteanna de chórais fuaime agus a leithéid. Pluais Aladdin nó carn bruscair. Fear ramhar le gloiní dorcha air, ruball capaill liath ceangailte ar chúl a chinn lasitiar den chuntar, é le haithint ar a chuid Fraincise gur Béarlóir é.

Bheadh sé ag dúnadh i gceann leathuaire, agus mar sin ba dheacair amharc mar ba cheart ar na mílte agus na mílte ceirnín scaipthe ar bhoird fhada, cuid acu ar an urlár, boscaí cartchláir faoi do chosa, sean Mac LCIII nach mbeadh aon mhaith ann do dhuine ar bith go deo arís, cáblaí fuaime agus araile ar fud na háite ionas go raibh sé deacair do bhealach a dhéanamh timpeall. Shiúil timpeall go mear agus thug faoi deara na hirisí graosta agus na fístéipeanna, na DVDnna ‘crua’ ina gcúinne féin i bhfad ón doras.

Bhí fonn cainte ar an fhear

Cheistigh mé é faoi roinnt grúpaí Éireannacha. Bíonn an-tóir orthu, ar seisean. ‘Faigheann daoine amach gur ag Thin Lizzie a bhí an t-amhrán sular chuala aon duine faoi Metallica’ ar seisean faoi Whiskey in the Jar. Mar an gcéanna le grúpa eile. Díolaim iad chomh luath is a fhaighim iad.’

Dúirt mé leis gurbh é seo mo dhara cuairt ar Mhontréal, go raibh mé ann ar feadh seachtaine dhá bhliain ó shin agus go raibh mé an-tógtha le háilleacht na cathrach, leis an gcanúint Fraincise a labhraítear, leis an Biodome agus leis an Oratoire St–Joseph, agus le hionaid stairiúla na seanchathrach. Ach an uair seo, arsa mise leis, bhí níos mó de dhrochthréithe na cathrach le feiceáil.

 Samhlaímid i gcónaí gur tír ghlan gheanmnaí shaibhir í Ceanada, arsa mise. Ach tá an salachar agus an bochtanas nochtaithe ar phríomhsráid na cathrach agus gan aird ag daoine orthu. Shílfeá go mbeadh na clubanna gnéis níos discréidí, go gcuirfeadh daoine ina n-éadan. Agus fiú sa siopa seo agat féin, tá irisí porn ar taispeáint ar na boird agus ar na cuntair. Nach mbeadh déagóirí ag teacht isteach anseo ag ceannach dlúthdhioscai agus postaeirí? An ligfeá dóibh dul ag póirseáil trí na hirisí sin?

“Ní bhíonn aon spéis acu iontu” ar seisean ina ghuth géar ard. “Níl ann ach páipéar daite. Is cur amú spáis iad dáirire mar níl daoine ag ceannach a leithéid níos mó. Tá an t-ábhar sin uilig ar fáil ar an idirlíon in aisce agus níl daoine sásta íoc as. Ach níl mise ar son na cinsireachta. Bíodh cead ag daoine rud ar bith is mian leo a cheannach nó a dhíol.’

“Cad faoi na clubanna seo atá ar fud na sráide?” arsa mise. “Nach bhfuil daoine á ndíol is á gceannach iontu sin? Nach bhfuil dúshaothrú á dhéanamh ar mhná go háirithe?”

“Níl iontu sin ach frontaí do na bikers, díolann siad drugaí. Cinnte tá éileamh áirithe ar striapacha ach is ar na drugaí a dhéantar an t-airgead.”

“Chuala mé faoi na bikers seo a bheith i gceannas ar na clubanna. Agus chonaic mé sna páipéir gur gabhadh drong díobh le gairid.”

“Tháinig siad isteach ó California. Bhí sé ina chogadh ansin idir an seandream agus dream óg a bhí ag iarraidh a gcuid gnó a bhaint díobh. Tá na Hell’s Angels i gceannas ar mhargadh na ndrugaí agus an striapachais. Earcaíonn siad baill úra agus uaireanta éiríonn na boic óga sotalach agus síleann siad gur féidir leo an gnó uilig a ghabháil dóibh féin. Maraíodh cúpla céad duine sa chogadh a bhí acu i gCalifornia agus ar fud na Stáit Aontaithe, agus theith cuid acu go Montréal. Ghabh siad seilbh ar an striapachas. Is cuid den striapachas an tionscal físe, agus déanfaidh siad airgead beag éigin as. Ach is iad na drugaí is tábhachtaí, agus níl sé de mhisneach ag na húdaráis a ndúshlán a thabhairt. Tá an-chuid airgid á dhéanamh saor ó cháin acu agus is furast dóibh póilíní agus polaiteoirí a cheannach. Féach – bhí mé mbialann an lá cheana, ag ithe liom féin. Bhí triúr ban in aice liom, gan aon aithne agam orthu, gan eolas agam fúthu. Tháinig beirt phóilín isteach agus chuir siad i leith bhainisteoir na bialainne go raibh teach striapachais á reachtáil aige, agus iad ag díriú ar an triúr a bhí in aice liomsa. Ní raibh mé róshásta caithfidh mé a rá leat. Shíl mé go gcuirfidís i mo leith go raibh baint agamsa leis an ngnó sin chomh maith. Ach ní raibh imní ar bith ar an bhainisteoir. Bhí aithne aige ar an bhfear ba shine de na póilíní agus thagair sé béile don bheirt acu. ‘Ar mhaith libh feoil gheal nó feoil dhubh le sin’ ar sé, agus é a sméideadh ar an triúr ban – bhí duine acu dubh. Bhí na póilíní ag amharc inár dtreo, agus is cosúil gurb é sin an chéad uair a thug siad mise faoi deara, agus nach raibh aithne acu orm. D’fhág siad gan focal eile a rá, eagla orthu go mbeinn i m’fhínné. Má tá lucht bialanna agus clubanna chomh hoscailte sin lena mbreabanna samhlaigh cad tá ag tarlú faoi choim. Ba chóir an dlí a athrú, ligint do dhaoine aon rud is mian leo a dhíol agus a cheannach, a fhad is go n-íocann siad cáin air agus go bhfuil gach duine sa ghnó páirteach dá dheoin féin. Dá mbeadh sé uilig dleathach ní bheadh aon áit ná spreagadh ann do na bikers ná do choirpigh eile.”

Is fada siar a théann ceangal Mhontréal agus Québec le coirpigh Mheiriceá. Mar gheall ar iarracht eile chun cosc a chur le tógáil drugaí, an Prohibition, tugadh an-spreagadh do thábharnóirí ar thaobh Cheanada den teorainn idirnáisiúnta. Bhí drúthlanna in aontíos leis na tábhairni go minic, chun freastal ar an dúil sa pheaca a bhí ag na mílte a thiomáin thar teorainn as Boston, Nua Eabhroc, agus cathracha eile. Eagraíodh smugláil biotáille ar scála ollmhór, agus chuaigh an-chuid daoine i dtaithí ar an dlí a bhriseadh ar an dá thaobh den teorainn. Nuair a baineadh an toirmeasc den alcól bhí tóir i gcónaí ar na striapachaí agus ar dhrugaí mídhleathacha. Tá Casino mór i Montréal a mheallann na milliún cuairteoirí chomh maith, agus is ann a dhéantar ‘glanadh’ ar chuid mhaith d’airgead na coiriúlachta. Cailleann daoine a saibhreas uile sa Chasino, agus bíonn daoine deasa ansin chun teacht ‘i gcabhair’ orthu le hiasachtaí. Tá Éireannaigh (an West End Gang, a bhíodh/bhíonn ag iomportáil drugaí trí chalafort Mhontreal i measc rudaí eile), Iodálaigh agus dreamanna eile i mbun coiriúlachta eagraithe de chineálacha éagsúla, ach measann seirbhís faisnéis choiriúlachta Cheanada go bhfuil na Hell’s Angels, a bunaíodh i gCalifornia i 1948, níos má ná drong ar bith eile sa tír. Tá timpeall dhá chéad caoga ball acu, a chaitheann a ndathanna go poiblí, a úsáideann foiréigean agus imeaglú go rialta. Tá struchtúr cliarlathach acu a fhágann na coireanna faoi na hearcaigh óga úra a fhad is atá an lucht ceannais ábalta an ‘luach saothair’ a choinneáil dóibh féin. Mar gheall ar an struchtúr seo tá na cinnirí ábalta maireachtáil gan phíonós agus íomhá na cumhachta a úsáid chun earcaigh úra a mhealladh i dtreo na coiriúlachta.

Ciontaíodh Maurice Boucher as dúnmharú bheirt oifigeach príosúin i mí Bealtaine 2002, tar éis dó na blianta a chaitheamh mar cheannaire ar na Hell’s Angels i Montréal. Tugadh fianaise sa chúirt go raibh eolas ag na bikers faoi fhaisnéis na bpóilíní agus go raibh feachtas imeaglaithe ar bun acu ionas nach dtabharfaí fianaise ina gcoinne. Bhí canabas á fás i ngortanna min bhuí ar fud Québec, agus deirtear go bhfuil go fóill, agus an-éileamh ar an ‘Québec Gold’ ar shráideanna Nua Eabhroc. Rinneadh imeaglú ar fheirmeoirí a chuir i gcoinne na gcoirpeach, agus b’éigean garda ceithre huaire fichead sa ló a chur ar fáil do pholaiteoir tuaithe a labhair amach. Bhí sé ina chogadh idir na Angels agus bikers eile a thugann an ‘Rock Machine’ orthu féin chun smacht a fháil ar an tionscal mídhleathach seo, agus maraíodh os cionn 150 duine sa chogadh sin ó 1994 i leith. Nuair a bhí ceannaire an Machine i bpríosún sna Stáit Aontaithe rinne na Hell’s Angels iarracht dul i gceannas orthu. Úsáideadh pléascáin agus piléir i gcogadh nár tháinig críoch go fóill air, in ainneoin an oiread sin de na gaingstéirí a bheith i bpríosún nó marbh. Maraíodh iriseoirí fiosracha chomh maith.

Bunaíodh grúpa speisialta póilíní, Carcajou nó Wolverine, chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí na mbikers tar éis do ghasúr óg bás a fháil in ionsaí, agus d’éirigh leo roinnt áirithe daoine agus airgid a ghabháil.  I Meán Fómhair 2003 cuireadh naonúr Hell’s Angels sa phríosún nuair a phléadáil siad ciontach i gcomhcheilg dúnmharaithe, díol drugaí agus ‘gangsterism’. Tá cuid den airgead a gabhadh le húsáid chun cabhrú le striapacha a bhfuil fadhbanna drugaí acu. Meastar go bhfuil os cionn 500 ban ar shráideanna Mhontréal, agus gur andúlaigh drugaí a bhformhór. Is annamh a tháinig na póilíní i gcabhair orthu mar gheall ar a ngairm . Ar a suíomh idirlín cuireann an RCMP, póilíní Cheanada, béim ar an dochar a dhéanann na coirpigh, ar an drochíde a thugtar do dhaoine, an cháin nach n-íoctar agus an t-airgead á úsáid chun comhlachtai dlisteanacha a cheannach, an iomaíocht neamhchothrom a bhíonn ann dá bharr sin agus a dhéanann tuilleadh dochair dóibh siúd a chloíonn leis an dlí. Ach níl ach céatadán beag den airgead a gabhadh ar fáil le cabhrú leis na híobairtigh. 

“Ba chóir deireadh  a chur leis an toirmeasc ar dhrugaí  agus cáin a ghearradh orthu siúd a dhíolann é. Bheadh i bhfad níos lú coiriúlachta againn ansin” adúirt an siopadóir san íoslach agus an áit á chur faoi ghlas don deireadh seachtaine aige. Ach fiú má tá an ceart aige ní ligfeadh rialtas Mheiriceá d’údaráis Cheanada é sin a dhéanamh. 

Amuigh ar an Rue St-Catherine, príomhshráid siopadóireachta Mhontréal, bhí sé ag éirí dorcha agus soilse néoin á lasadh ar fud na háite. Ag fógairt ‘contact dancing’ agus clubanna striopála a bhí an-chuid díobh, agus bhí daoine suite i ndoirse siopaí, blaincéidí timpeall orthu, madra beag ina mbaclainn ag tabhairt beagán teasa dóibh, iad ag iarraidh déirce. Labhair fear deaghléasta téagartha ag doras néonlasta liom. “Nár mhaith leat ár gcuid cailíní a fheiceáil?”  Cúpla slat ar aghaidh bhí cúilfhionn ghleoite i gcóta geal gearr ag súil le custaiméirí a mhealladh. Agus bhí na mílte ag triall ar scannáin agus ar thábhairní agus ar chlubanna oíche, agus gan oiread is póilín amháin le feiceáil ar mhórshráid na cathrach seo ina maireann breis is trí mhilliún duine. 

Nótaí Cuimhneacháin.

Fionntán Mac Aodha Bhuí 1924 – 2012

Rugadh Fionntán sa Mhuileann Cearr i mí an Mheithimh 1924, an dara duine de thriúr mac. Tógadh é sa bhaile mór, agus fuair sé a chuid meánscolaíochta le Bráithre na Toirbhirte. Rinne sé an Ardteist sa bhliain 1942 faoin ainm Murchadh Fionntán Mac Aodha Bhuí. Níor thaitin an t-ainm a thug a mhuintir air leis, Morgan nó Murchadh agus d’éirigh sé as é a úsáid go hóg.

I measc na gcineálacha caitheamh aimsire a bhí aige agus é ina ghasúr bhí snámh agus tomadóireacht (dúirt sé gur caitheadh isteach sa chanáil é agus é timpeall 9 mbliana d’aois, gurb é sin an modh múinte snámha a bhí ag gasúir a linne. Luaigh sé go mbíodh gach cineál cluiche á n-imirt sa bhaile, an cruicéad féin san áireamh. Baile garastúin ba ea an Muileann Cearr agus d’fhág na reisimintí a lorg.

Luaigh sé sean-saighdiúir a throid sa chéad chogadh domhanda mar dhuine a chuaigh i bhfeidhm air lena scéalta.
Ceantar láidir feirmeoireachta a bhí mórthimpeall ar an bhaile agus rath ar lucht gnó dá réir.
Ba de mhuintir Hayes a mháthair, agus is féidir nasc a fheiceáil sa ghinealas le Casaidigh Fhear Manach ina sinsir siúd.
Nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois rinne sé camchuairt Chonamara ar rothar, ag fanacht i dtithe nó ag campáil – luaigh sé feirmeoir i dtuaisceart Chonamara a thug cuireadh dó an oíche a chaitheamh ina theach beag, ba ann a bhí an tocht leapa ba chompordaí dár chodail sé riamh ann, a dúirt sé.

DSC_0072

Le linn dó a bheith sa mheánscoil chuir Fionntán an-spéis sa Ghaeilge agus sa náisiúntacht, bhí sé ina bhall óg de Chonradh na Gaeilge agus níos déanaí chuaigh sé le Glún na Bua agus le hAiltirí na hAiséirí. Chuaigh sé isteach san LDF agus é an-óg agus é réidh chun an stát óg Éireannach a chosaint ar ionsaí ar bith ar a neodracht – tugadh an FCÁ ar an chuid sin de na fórsaí cosanta ina dhiaidh sin. Níor Saorstátach é áfach agus ghlac sé páirc sna hagóidí a rinneadh nuair a daoradh baill den IRA as an mbaile chun báis i Sasana i 1940.

Rinne sé an Ardteist i 1942.

Bhí an-dóchas aige as Aiséirí ach d’éirigh sé as an eagraíocht sin mar gheall ar an gclaonadh chun deachtóireachta a bhí i mbunaitheoir na gluaiseachta Gearóid Ó Cuinneagáin (níor chuir sin deireadh le cairdeas na beirte – bhíodh an Cuinneagánach ar cuairt, agus bhí díospóireachtaí bríomhara acu faoi chúrsaí polaitiúla agus eacnamaíocha ar feadh na mblianta.

Chuaigh a dheartháireacha isteach san Arm agus dúirt sé cúpla bliain sula bhfuair sé bás gurb oth leis nach raibh sé san Arm chun an tír a chosaint le linn an Chogaidh – is léir go raibh meon láidir tírghrách de chineál sa teaghlach. Slógadh lucht an LDF ó am go ham nuair a chuaigh ráflaí thart go ndéanfadh na Meiriceánaigh nó na Sasanaigh, nó fiú saighdiúirí Cheanada, ionradh aduaidh. Bhí siad réidh le troid le dream ar bith a thiocfadh, a dúirt sé, Gearmánaigh nó aon dream eile.

Bhí sé le rá ag Dónall Ó Lubhlaí, bunaitheoir Chumann na bhFiann, gurb é Fionntán a thug isteach i ngluaiseacht na Gaeilge é sa Mhuileann Cearr.

Fuair sé post beag le páipéar áitiúil, a chéad phost, mar a thug sé air, agus ar feadh na mblianta scríobh sé ailt agus cuntais faoi chúrsaí a raibh spéis ar leith aige iontu, go háirithe pleanáil agus forbairt phobail, athbheochan teanga agus an taisteal.

Thug sé cuairt ar an Róimh agus ar uaigh Aodh Uí Néill, agus thaisteal sé chun na Fraince agus na hEilbhéise. Sna blianta sin bhí an taisteal aeir an-chostasach ach bhíodh lacáistí ar fáil ag daoine a raibh daoine muinteartha leo ag obair le hAer Rianta, mar a raibh an deartháir ba shine a bhí aige.

Rinne sé cúrsa ailtireachta i mBaile Átha Cliath, chaith tamall ar phrintíseacht agus fuair post ar feadh seal i mBord na nOibreacha Poiblí. Lá dá raibh sé ag obair i bPáirc an Fhionnuisce shiúil sé isteach in oifig in Áras an Uachtaráin. Bhí an tUachtarán Ó Ceallaigh istigh i mbun cruinniú leis an Taoiseach de Valera. Bhí siad an-lách leis an bhfear óg, agus bhí an fear óg an-sásta gur Gaeilge a bhí á labhairt acu le chéile agus leis féin!

Bhí an-mheas aige ar Dev ach díomá nach raibh an Taoiseach chomh dílis do na haidhmeanna náisiúnta agus ba chóir dó. Ní ghéillfeadh Fionntán riamh ar phrionsabal, bhí creideamh láidir dobhogtha aige, é dílis go bás don eaglais Chaitliceach. Dó siúd bhí ceangal an-láidir idir an dílseacht sin agus a dhílseacht do thír agus teanga. B’ionann scéal na hÉireann agus stair daoine a throid go cróga in aghaidh ghéarleanúint creidimh, díshealbhú agus bás a dteanga. Theastaigh uaidh muintir na Gaeltachta a fheiceáil i mbun a ngnóthaí féin i gcomharchumainn, ag seasamh lena dteanga, ag cloí lena dtraidisiúin ach ag tabhairt aghaidh go dóchasach ar shaol úr na teicneolaíochta.

spanisharch

Pósadh

Casadh Eibhlín Ní Dhrisceoil as Cill Bhriotáin i gCorcaigh air ag cruinniú de chuid An Réalt, cumann gaelach Léigiún Mhuire, ar an 8 Nollaig 1952 i nGaillimh agus phós siad a chéile laistigh de dhá bhliain. Chuaigh sé ar mhí na meala le hEibhlín go Lourdes agus tuaisceart na Spáinne – thug sé faoi deara an t-easpa saoirse a bhí ansin faoi Franco (‘España no es libre’ a dúirt fear leis). Bhí bá aige leis na Bascaigh, a raibh gaol acu dar leis le muintir na hÉireann. Cé go raibh sé ina Chaitliceach go smior ar feadh a shaoil níor thaitin deachtóireacht de chineál ar bith leis.

img011

Bhí cónaí ar an lánúin i mBearna agus ar an gCaisleán Nua i nGaillimh agus Fionntán ag obair sa chathair. Níorbh fhada go raibh cúram clainne orthu. Bhí aithne acu ar Cholmán Ó hUallacháin OFM faoin am sin, an teangeolaí a bhí ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar an Institiúid Teangeolaíochta agus i gceannas ar Roinn an Léann É̇ireannaigh i gCúil Raithin. Bhí aithne acu ar Sheán agus Máire Stafford, aisteoirí, i nGaillimh. Dúirt Seán gurb é Fionntán a mhúin an tiomáint dó – ag an am ní raibh le déanamh ach ceadúnas a cheannach, bhí Fionntán ag tiomáint ar fud na tíre ar feadh a shaoil gan triail tiomána a dhéanamh riamh.

Chuaigh Fionntán ag obair i gContae Mhaigh Eo agus ba i gCathair na Mart a bhí cónaí orthu nuair a rugadh an tríú duine den chlann. Níor fhan siad ach tamall gearr i Maigh Eo. Rugadh an ceathrú duine clainne, i Leifear, i gContae Dhún na nGall i 1959 . Chuir Fionntán aithne ar Thoraigh agus ar Ghaoth Dobhair agus go leor eile den chontae, ach laistigh de bhliain bhí cúpla ag Eibhlín i dTrá Lí, mar go raibh cónaí orthu faoin am sin sa Spá i gContae Chiarraí agus ba ansin a chuaigh an chéad duine clainne ar scoil den chéad uair. Níor mhair duine den chúpla, Edel, ach trí sheachtain, d’éag sí ar an 5 Márta agus tá sí curtha i reilig Thrá Lí. Lean an t-athrú postanna agus seolta ar aghaidh, go Corcaigh, Baile an Róistigh agus Beaumont ina dhiaidh sin a chuaigh siad. Chuig an Mhodhscoil i lár na cathrach a cuireadh na leanaí, agus Fionntán ag obair leis an Chomhairle Contae.

Bhí sé an-chairdiúil leis an Athair Tadhg Ó Murchú agus bhí baint aige leis an leacht a tógadh i gCarraig na bhFear mar chomóradh ar fhilí an cheantair sin, tháinig De Valera leis an leacht a oscailt go hoifigiúil i 1962.

Cheannaigh sé teach i mBeaumont agus chuaigh sé thart chuig na comharsana le cead a fháil uathu ‘Bóthar an Ghuagáin’ a thabhairt ar an tsráid – an bhfuil an t-ainm sin ann go fóill? Cuireadh leacht i mballa tosaigh an ghairdín le hainm na sráide. Bhí cónaí ar Roibeard Ó Meára agus a chlann in aice láimhe. Théadh an teaghlach go Cill Bhriotáin go rialta ar cuairt ar mháthair Eibhlín, agus ba mhinic a thiomáin Fionntán go ceantair éagsúla leis an chlann, go Caiseal Mumhan, Guagán Barra, Trá Bolgan agus áiteanna eile. Uaireanta bhíodh teaghlaigh Ghaelacha eile leo. Chuaigh siad go Corca Dhuibhne sa samhradh i 1962 agus 1963, iomparán ar an Beetle agus an mana ‘Múscail do mhisneach a Bhanba’ scríofa air. Dúirt Fionntán uair amháin gurb é an t-iomparán, cineál cófra le cur ar dhíon an Volkswagen, an rud ba úsáidí a thug Gearóid Ó Cuinneagáin don tír, is cosúil go raibh an Cuinneagánach á n-iomportáil.
Rugadh an séú duine clainne i 1962. Chuaigh Fionntán go Ceanada agus na Stáit Aontaithe ar feadh roinnt seachtainí, agus mhair a spéis i Québec ar feadh a shaoil. Scríobh sé an leabhar “Anam Do-chloíte Québec” agus d’fhoilsigh FNT é tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.

Queb9

Chaith an teaghlach timpeall dhá bhliain ansin ina gcónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, sa Charraig Dhubh agus i bPáirc Bhaile Eoin in aice leis an Naigín. Chuaigh na leanaí chuig Scoil Lorcáin mar a raibh clann Uí Mhóráin agus Uí Chasaide. Bhí Fionntán ag obair le Bardas Dhún Laoghaire ag an am, agus páirteach sa bhfeachtas le haifreann Gaeilge a chur i ngach paróiste, ag scaipeadh bileoga ag aifreanntaí éagsúla lena chlann, agus á mbailiú ag deireadh an aifrinn. Théadh sé go searmanais de chuid Chuallacht Mhuire gan Smál chomh maith.

Rugadh an seachtú duine den chlann i nDún Laoghaire i 1965. Baisteadh í cúpla lá i ndiaidh a breithe i mí Aibreáin gan a máthair i láthair. Bhí Fionntán ag tacú leis an ngrúpa Misneach ag an am, agus chuir sé an-spéis sa bhfeachtas a bhí ag Desmond Fennel ar son ‘Iosrael in Iarchonnacht’. Bhí asé féin agus Eibhlín gníomhach sna Teaghlaigh Ghaelacha, agus bhunaigh sé iris bheag darbh ainm ‘An Teaghlach’ thart fán am sin. Ar feadh an ama bhíodh irisí ar nós Deirdre, Feasta agus an tUltach á gceannach aige, chomh maith leis an Irish Press, an Sunday Press agus na páipéir eile nuair a bhíodh ailt i nGaeilge iontu. Bhíodh isirí cúrsaí reatha á léamh go rialta aige chomh maith, ar nós An tÉireannach Aontaithe/United Irishman, an Capuchin Annual, Irisleabhar Thiobhóid Wolfe Tone agus irisí náisiúnacha eile. Bhí go leor leabhar faoi chogadh na saoirse sa teach, leabhar Dorothy McArdle, The Irish Republic, Trodairí na Treas Briogáide, B’fhiú an Braon Fola, agus beathaisnéisí Art Uí Ghríofa, Seán Sabhat (Maraíodh Seán Sabhat Aréir) agus eile. Cheannaíodh sé leabhair An Chlub Leabhar, agus bhíodh ábhar do dhaoine óga i gcónaí sa bheart leabhar uathu siúd ag an Nollaig.

D’aistrigh sé chuig Halla na Cathrach i gCorcaigh timpeall tús na bliana 1966 mar a raibh sé ina oifigeach pleanála. Cuireadh an chlann go dtí an Mhodhscoil, Scoil Ghobnait do na cailíní, agus Scoil Bharra do na buachaillí, arís. Cé go raibh máistrí na scoile brúidiúil go leor, bhí siad an-dílis don teanga agus don chultúr Gaelach. Bhí Diarmuid Ó Murchú ina eagarthóir ar an Iris AGUS agus d’eagraigh Risteárd Ó Murchú céilí gach Céadaoin do dhaltaí bunscoile in áras an Chraoibhín, i gcomhar le Séamus Langford agus daoine eile – bhí cáil air mar amhránaí chomh maith.

Tosaíodh ar an bhfiontar Buaic Teoranta le tithe a thógáil do theaghlaigh Gaelacha i nGleann Maighir. Bhí an chéad dá theach tógtha faoi 1967 agus chuaigh Tomás agus Helen Ó Canainn agus a gclann isteach i dteach acu agus clann Mhic Aodha Bhuí sa cheann eile. Níorbh fhada go raibh an tríú teach tógtha do Shéamus agus Máirín Ruiséal. Bhíodh ‘An Teaghlach’ á chlóscríobh agus á chóipeáil in Áras an Chraoibhín de Chonradh na Gaeilge ar feadh cúpla bliain. Théadh an teaghlach ag aifreann i Séipéal Pheadair agus Póil i lár na cathrach i gCorcaigh ar feadh na mblianta ag a naoi ar maidin, agus go minic chuig aifreann eile Gaeilge a bhí ar siúl sa tráthnóna sa Pharóiste Theas.

I 1966 rinneadh ‘an turas mór’. Thiomáin Fionntán leis an teaghlach i sean Ford Consul (£169 a chosain sé) agus le puball nó dhó, go Béal Feirste agus chaith an teaghlach roinnt laethanta i dteach i gCeathrú Aoidh Dhuibh. D’fhan sé i dteagmháil le Gaeilgeoirí Bhéal Feirste agus i measc rudaí eile, cuireadh cúpla eagrán de ‘An Teaghlach’ le chéile ó thuaidh. Tharla eachtra gránna go leor ar an teorainn ar an mbealach ó dheas. Is léir gur spreag labhairt na Gaeilge an fear custaim le hamhras. D’ordaigh sé gach mála sa charr a oscailt. Bhí sé ina raic ar feadh tamaill. Sa deireadh thiomáin Fionntán ar aghaidh. Chuir Fionntán litir chuig an Aire faoin eachra agus tamall ina dhiaidh sin tháinig carr go dtí an teach leis na málaí a bhí fágtha ag an ionad custaim. Ar an mbealach ar ais ó Bhéal Feirste bhí an teaghlach ag campáil le teaghlaigh Gaelacha eile i Rinn Mhic Gormáin, mar a raibh coláiste ag na Proinsiasaigh. Chaith Fionntán agus a chlann tamall in Oileán Chléire i rith an tsamhraidh céanna.

Cuireadh Coiste Práinne na Gaeilge ar bun agus bhí léirsiú mór acu i Sráid Phádraig (1968?), bhí cruinniú nó dhó acu le Jack Lynch, a bhí ina Thaoiseach ag an am, agus bhí Fionntán i dteagmháil le daoine ar fud na tíre, go háirithe sa Ghaeltacht le feachtais áirithe a chur ar bun. Thug sé an chlann leis go Port Láirge lá le tarchuradóir raidió a phiocadh suas as long. Bhí sé i gceist raidió bradach Gaeltachta chur ar bun, ach tharla sé gur thug baill nó lucht tacaíochta Shinn Féin tarchuradóir eile isteach agus cuireadh ceann Fhionntáin go Doire nuair a bhris na trioblóidí amach, mar a raibh sé á úsáid ag Radio Free Derry.

I 1968 chuaigh sé chun na hOstaire ar chúrsa a d’eagraigh na Meiriceánaigh agus rinne sé cairdeas le daoine as gach cearn den Eoraip le linn an chúrsa. Thug sé cuairt ar Phrág roimh theacht abhaile, le bualadh le teaghlach chara leis, Karl Baçik a bhí ag obair ag an am i gCorcaigh. Bhí sé an-tógtha le hiarrachtaí na Seiceach le saoirse a bhaint amach ón Rúis, thug sé cuairt ar Phrág sa earrach, thug bean bratach na Rúise dó, á rá nach mbeadh gá aici léi níos mó, ach cuireadh deireadh le réimeas Dubcek roinnt míonna ina dhiaidh sin. Faoi dheireadh thug sé an bhratach don Amharclann i nGaoth Dobhair. N’fheadar ar baineadh úsáid riamh as.

Chomh maith leis sin bhí Fionntán gníomhach i ‘Cairde Chúil Aodha’ agus an-mheas aige ar na hiarrachtaí a bhí ar bun ag Seán Ó Riada sa cheantar.

Chuaigh an chuid is sine den chlann go Clochar na Toirbhirte, agus go dtí an Mhainistir Thuaidh, nuair a bhí an bhunscolaíocht críochnaithe acu.
Le linn an Olltoghcháin i 1969 bhí Fionntán i nGaillimh le beirt dá chlann, ag canbhasáil d’iarrthóir Chumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Peadar Mac an Iomaire. Chuir sé in iúl do lucht tacaíochta na bpáirtithe a bhí ag geata na scoile sa Seantalamh lá an toghcháin, go raibh sé báúil le páirtí an Lucht Oibre, ach go raibh sé níos tábhachtaí tacú le hiarrthóir Gaeltachta ná vóta a chaitheamh i gCorcaigh. I measc daoine eile a bhí páirteach sa bhfeachtas bhí Nollaig Ó Gadhra, Caitlín Maude, Aingeal Ní Chonchúir agus Máirtín Ó Cadhain, a thug óráid fhíochmhar dhátheangach sa bhFaiche Mhór, ag tabhairt ‘thicknecked minotaur’ ar George Colley, aire de chuid Fhianna Fáil.

Bhí Fionntán i dteagmháil i gcónaí le Pobal Feirste, agus chuaigh sé go Béal Feirste leis an obair a bhí ar bun le pobal Gaeilge a chruthú sa chathair agus an obair atógála i Sráid Bombay 1970 a bhí faoi stiúir ag Seán agus Séamus Mac Seáin a fheiceáil.

Síorsholas

Gaoth Dobhair

Thart faoin am sin, faoi thionchar Des Fennel (Iosrael In Iarchonnachta) b’fhéidir, tháinig roinnt de na daoine a bhí rannpháirteach sna hiarrachtaí le pobail Ghaeilge a bhunú sna cathracha ar an tuairim gurbh fhearr dóibh a gclann a bhogadh chun na Gaeltachta. Bheartaigh Fionntán ar imeacht as Gleann Maighir go Gaoth Dobhair, díreach tar éis don duine deireanach den chlann teacht ar an saol i gCorcaigh. Fuair sé post le Comhairle Contae Dhún na nGall i Leifear agus thug an teaghlach leis go Gaoth Dobhair i mí Mheán Fómhair 1970. Chuir siad fúthu i dteach de chuid Jimí Diní i gCois Cláidí ar feadh tamaill. Cuireadh an triúr ba shine den chlann ar scoil in Ardscoil Mhuire agus de réir a chéile chuaigh an chuid eile uilig trí Bhunscoil an Bhun Bhig, mar a raibh Seán Mac Fhionnlaoich agus ina dhiaidh sin Diní Mac Fhionnlaoich ina bpríomhoidí. Ba é Dónall Mac Suibhne, sagart, a bhí ina phríomhoide ar Ardscoil Mhuire. Níorbh fhada go raibh Fionntán sáite sa bhfeachtas le pobalscoil a fháil do Ghaoth Dobhair, agus an cheardscoil a nascadh leis an Ardscoil. Bhain an-chuid conspóide le cúrsaí meánscolaíochta agus Fionntán sáite ina lár, ag iarraidh a chinntiú go mbeadh scoil mhaith ghaelach sa phobal, i suíomh oiriúnach. Bhain polaitíocht de gach leibhéal le cúrsaí oideachais sa cheantar. Bhí roinnt de na daoine an-naimhdeach, rud a ghoill ar an teaghlach. I measc na ndaoine a bhí páirteach i bhfeachtais cearta teanga sa phobal bhí Tomás Mac Giolla Bhríde, Máire Mhic Niallais agus a fear céile Seán agus go leor eile.

Mar lánstaonaire ghoill sé ar Fhionntán go raibh formhór na n-imeachtaí sa cheantar ar siúl i dtithe tábhairne agus d’eagraigh sé coirmeacha ceoil i halla Dhobhair agus i gcúpla áit eile le caitheamh aimsire níos ‘sláintiúla’ a chur ar fáil. Chuaigh sé i dteagmháil le daoine ar fud an phobail agus i Rinn na Feirste le ceol agus seanchas a athbheochan. Bhíodh sé ag freastal go minic ar imeachtaí na hAmharclainne, agus scríobh sé corrléirmheas don pháipéar Amárach faoi dhrámaí a bhí san Amharclann (mar chúiteamh do Pheadar Ó Ceallaigh as iasacht tí a thabhairt don teaghlach i samhradh 1972).

DSC_0851

Ba i dteach de chuid Jimí Diní Ó Gallchóir i gCois Cláidí a chuir an teaghlach fúthu ar dtús, chuaigh siad go Machaire Gathlán ar feadh tamaill go teach in aice leis an pháirc peile, teach de chuid Jim Neidí Mac Suibhn, , agus a fhad is a bhí suíomh á lorg agus teach á thógáil chuir siad fúthu in áiteanna éagsúla, teach Pheadair Uí Cheallaigh sa Dubhchoraidh agus seanscoil an Toir ina measc. Faoi dheireadh tógadh teach i gCois Cláidí agus ba é sin an teach deireanach a bhí ina sheilbh. Lean sé ar aghaidh ag tiomáint go Leifear gach maidin agus ar fud an chontae mar oifigeach pleanála go dtí gur éirigh sé as a phost ag aois 60 bliain.

Teach Cois Cláidí

Thug sé an teaghlach go hAlbain i 1972, go hInbhear Nis agus an Garasdan, an Oban agus áiteanna eile. Bhí spéis aige i mbailte nua agus i bhforbairt na tuaithe. Scríobh sé leabhrán don Chomhairle Contae tamall ina dhiaidh sin faoi chuairt eile a rinne sé ar Inse Gall.

Bhí dúil mhór aige sa líníocht agus sa phéintéireacht, agus is iomaí uair a rinne sé pictiúir den Eargal agus radharcanna eile sa cheantar.

DSC_5195

Cé nach raibh teilifís sa teach go dtí go raibh formhór na clainne tógtha bhí spéis aige i gcónaí i dtaifeadadh fuaime agus físe. Rinne sé scannán faoi Abhainn Chois Cláidí le cúpla duine as Béal Feirste.

DSC_5256

I measc na dtionscadal a raibh baint aige leo bhí Comhar Ghabhla, iarracht le comharchumann pobail a chur ar bun i bparáiste Ghaoth Dobhair. Bhí Muiris agus Séamus Ó Fearraigh, Tomás Ó Monacháin, Dónall de Barra agus daoine eile páirteach san iarracht, ach níor éirigh leo daoine a thabhairt le chéile le tithe a thógáil mar a bhí ar intinn acu. Chabhraigh Fionntán le mná sa cheantar éadaí cniotáilte a dhíol sa phost. Thacaigh sé go láidir le Coiste Áitiúil an Oireachtais a d’eagraigh an fhéile den chéad uair i nGaoth Dobhair sa bhliain 1977, agus le hÉigse Uladh a bhí ar siúl ar feadh na mblianta agus d’eagraíodh sé taispeántais ealaíne don Éigse. Bhí baint aige le bunú an Chomhar Creidmheasa, an chéad chomhar creidmheasa sa tír a chuir bileoga agus foirmeacha ar fáil trí Ghaeilge. Scríobh sé paimphléad i mBéarla ‘Housing Dilemma in Donegal Gaeltacht’ mar chuid dá fheachtas i gcoinne pleananna a bhí ag na húdaráis eastáit tithíochta a thógáil le cois ionad tionsclaíochta an Screabáin. Chabhraigh sé le heagarthóireacht agus dáileadh an pháipéir ‘Gaeltacht’ a bhunaigh an clódóir Proinsias Ó Muireagáin. Chuir sé eagrán nó dhó d’iris dá chuid féin amach faoin ainm ‘Dúchas” chomh maith.

DSC02059

Ghoill sé go mór air nuair a d’úsáid sagairt Béarla sna tithe pobail. Shiúil Fionntán amach as corr-aifreann i Mín Uí Bhaoill agus i nDún Lúiche nuair a léigh sagart coimhthíoch as Béarla é. Bhí roinnt daoine naimhdeach leis féin agus lena chlann dá bharr sin agus mar gheall ar an gcáineadh a dhéanadh sé ar pholaiteoirí agus ar cheannairí poiblí a bhí ag tréigean na Gaeilge dar leis.

DSC_5176

Rinne sé na pleananna do Áras na seandaoine a tógadh in aice le Teach Phobail Dhoirí Beaga.
Bhí sé de shíor ag tathaint ar lucht polaitíochta agus eile teacht le chéile le plean forbartha a dhéanamh don cheantar, d’fhoilsigh sé a chuid moltaí féin agus labhair sé go minic fúthu agus faoi nithe eile ar Raidió na Gaeltachta.

Na Stailceanna Ocrais 1980-81: Bhí sé an-chorraithe faoi chás na bpríosúnach ar an mblaincéad sa Cheis Fhada agus in Ard Mhacha agus thug sé tacaíocht le fonn do na feachtais a eagraíodh le tacú leo. D’éirigh sé as áfach nuair a chonacthas dó nach ar son na bpríosúnach a bhí lucht eagar an fheachtais ach ar son a bpáirtí féin a chur chun cinn i dtoghcháin. D’fhoghlaim sé go luath ina shaol oibre gan muinín a chur i bpolaiteoirí ná géilleadh do bhrú ar bith uathu – bhí sé le rá ag iarchigire de chuid Roinn na Gaeltachta go raibh comhfhreagras in oifigí na Roinne ó na caogadaí ina raibh sé soiléir go raibh Fionntán ag diúltú géilleadh do pholaiteoirí a chuir brú air forbairtí a cheadú dá lucht leanúna féin.

An Feachtas ‘Ar Son na Beatha’ – Thacaigh Fionntán go láidir leis an bhfeachtas reifrinn ‘Ar son na Beatha’ 9 dtús na 1980í agus chabhraigh sé le bolscaireacht a rinne dreamanna éagsúla i gcoinne an ghinmhilleadh.

Cé go raibh an t-airgead i gcónaí gann, agus ochtar clainne faoin chúram, d’éirigh leis an chlann, nó cuid den chlann, a thabhairt ar thurais ar fud na hÉireann, go hAlbain, go dtí An Bhreatain Bheag, agus An Fhrainc. Rinne sé cúpla turas chomh maith chun na hAfraice, mar a raibh a chara Fionbarra Ó Cuileanán ina shagart i dtuaiscear na Nigéire agus ina dhiaidh sin sa Tansáin. Bhain sé úsáid as a scileanna ailtireachta le séipéal agus ionad sláinte a dhearadh. Chuaigh sé go Iarthar na hAstráile chomh maith ar cuairt chuig a dheartháir Noel, agus chuaigh sé féin agus Eibhlín go Antanarivo nuair a maraíodh deirfiúr le hEibhlín, misinéir, i dtimpiste bóthair.

NoelFiontan

Chuaigh sé féin agus Eibhlín a chónaí in aice lena n-iníon in Aill Finn i gContae Ros Comáin agus is ansin a chaith siad beirt na blianta deireanacha dá saol. Fuair sé bás ar an 9ú Nollaig 2012.  Cuireadh é i reilig na bhForbacha i gCois Fharraige sa pharóiste ina raibh cónaí air féin agus Eibhlín nuair a phós siad i 1954.

DSC_7261

I nDomhnach

Ní raibh sí sásta dul leis in áit ar bith, in ainneoin gur dhúirt sí go raibh muinín aici as agus go mbeadh siad ina gcairde go deo.

‘Ach ba mhaith liom aithne a chur ar do chathairse’, ar seisean léi. ‘Nár dhúirt tú liom sa ríomhphost deireanach go mbeadh áthas ort do chomharsanacht agus do muintir a chur in aithne dom?’
‘Ach níl mo mháthair go maith, caithfidh mé aire a thabhairt di.’
Bhí sé sin ráite aici cheana sa ríomhphost agus b’éigean dó glacadh lena leithscéal.

Ní raibh barúil aige mar sin cad a dhéanfadh sé an mhaidin Domhnaigh seo. Bhí an Metro nua in aice láimhe, tuige nach rachadh sé go ceann scríbe air? B’fhéidir go bhfeicfeadh sé rud éigin spéisiúil.

Metro San Dom Amin Able  Sabana Perdida 1

Ní raibh mórán daoine sa stáisiún, nó paisinéirí ar aon chaoi. Bhí go leor daoine eile ann, agus níorbh fhada gur ordaigh duine acu dó a cheamara a chur uaidh mar nach raibh cead grianghrafanna a ghlacadh ar chúiseanna slándála.
‘Seafóid’ ar sé leis féin. ‘Ní féidir cosc a chur ar ghrianghrafanna agus ceamara ina ghuthán ag gach duine os cionn dhá bhliain déag d’aois fiú sa tír bhocht seo.’ Ach chuir sé uaidh a cheamara ar aon nós, níor theastaigh uaidh triail a bhaint as béasa nó as foighead fir a raibh gunna agus smaichtín mór lena chrios. D’iarr sé ticéad fillte ach níor tugadh dó ach ceann singil, ní raibh a dhath eile ar fáil.
Mar sin isteach leis sa traein úrnua agus shuigh i gceann de na caráistí cúil. Bhí beirt chailín beag ann, thart fá ocht mbliana d’aois, agus garda. D’fhág sé a cheamara ina phóca. Bhí duine de na cailíní ag tabhairt na súl don gharda, ar bhealach a shíl sé a bhí i bhfad ró-aibí do leanbh dá haois. Níor thug an garda aon aird uirthi. Cúpla stáisiún ar aghaidh d’éirigh na cailíní as a suíocháin agus d’fhág an traein, tóiníní ag craitheadh amhail is dá mbeadh ceol merengue ina gcluasa acu. D’amharc an garda air:
‘Tá súil agam go mbeidh siad slán na créatúir. Ní mhaireann an tsoineantacht i bhfad sna sráideanna. Is ar éigean go raibh siad sin in aon teach phobail ar maidin.’
Nó b’fhéidir gurb é sin a dúirt sé, ní raibh sé róchinnte dá chuid Spáinnise ná de chanúint na cathrach seo. Shiúil an garda leis ar aghaidh go carráiste eile

Chuaigh an Metro os cionn talaimh tar éis tamaill agus bhí radharc aige ar cheantair nach bhfaca sé riamh cheana. Ní raibh sé cinnte cén treo a bhí sé ag dul, ba fhada an turas é, agus fuair sé tuairim de mhéid agus de bhochtaineacht na cathrach nach raibh le fáil sa cheantar ollscoile ina raibh formhór a chuid ama caite aige.

Ceann scríbe. Mama Tinga ainm an stáisiúin, ach b’eol dó nárbh ionann ainm an stáisiúin agus ainm an cheantair. Stáisiún breá, cosúil le stáisiún traenach ar bith i gcathair Eorpach, ach i bhfad níos ciúine. Amach leis ar an tsráid. Bóthar mór leathan le trácht mhear ach bhí margadh ar shráid thíos faoi. Síos leis. Ní raibh aon rud iontach sa mhargadh, glasraí agus nithe beaga éagsúla ar díol. Thosaigh sé ag glacadh pictiúr de na páistí a tháinig chuige ina rith. Thug sé bonn airgid do bhuachaillín gan smaoineamh, agus bhí fiche timpeall air agus a lámha sínte amach acu, amhail clann an tincéara i m’Asal Beag Dubh. I leathnóiméad bhí a raibh de bhoinn ina phóca tugtha uaidh aige agus ag bun na sráide.

sabana perdida 2
‘Vous parlez Français, Monsieur?’

Sabana perdida3    sabana perdida 4

Bhain an cheist geit as, fear ard tanaí i mbríste gearr agus t-léine a bhí ag caint le bean a raibh seastán bia friochta aici a bhuail bleid air.

‘Un petit peut’ ar sé mar a deireadh sé de ghnáth ina leithéid de chás. D’iarr an fear air triail a bhaint as bia na mná, ach bhí amhras ar Dháithí faoin chineál feola a bhí ann, cé go raibh cuma chairdiúil iontaofa ar an mbean. Ní raibh sé cinnte go dtuigfeadh sé aon fhreagra a thabharfadh sí dá gcuirfeadh sé ceist uirthi cén cineál feola a bhí aici, ná go mbeadh freagra ionraic le fáil uaidh.
‘Níl mo bhricfeasta ach díreach ite agam, go raibh maith agat.’
‘Ar mhaith leat mo theach a fheiceáil?’ arsa an fear ansin. D’fhéach Dáithí go hamhrasach ar an mbean. Sméid sí, agus ghlac sé leis nach mbeadh sé i mbaol.
‘Maith go leor’,
Agus síos leo trí shráideanna beaga caola gan dromchla. ‘Tóg an oiread pictiúr agus is mian leat. Tá tú sábháilte i mo theannta.’

DSC_1199

 DSC_1149

DSC_1148
Ghlac sé le focal a chara nua agus lean siad orthu. Cuireadh é in aithne do ‘chol ceathracha’ éagsúla an fhir. Thosaigh leanaí ag bailiú timpeall agus áthas orthu go raibh pictiúir á nglacadh díobh. Shiúil siad isteach i siopaí nach raibh mórán ar a gcuid seilfeanna ach bhí an bród céanna ar na húinéirí go raibh an strainséar ann lena cheamara agus a bhí ar na cailíní a ndeirfiúracha agus a ndeartháracha beaga a thaispeáint dó.
Shiúil a threoraí isteach i dteach beag adhmaid, mar a raibh cúpla cailín sna déaga. Tháinig bean amach as seomra beag, an chuma uirthi go raibh sí díreach tar éis cith a ghlacadh, agus éadaí glana a chur uirthi. Bhí a gruaig fós fliuch. Máthair na gcailíní.

DSC_1178

 DSC_1176
Labhair an treoraí léi. Ba chosúil le meascán de Fhraincis agus de Spáinnis an teanga a labhair siad. Ach tuigeadh dó go raibh an treoraí á rá léi go raibh sé féin sa tír le bean a fháil. Labhair sí leis i Spáinnis, agus scríobh sí uimhir ar phíosa páipéir.
‘Cuir glaoch orm go luath’ ar sí. ‘Teresa is ainm dom.’
‘Teresa la bonita’ ar sé léi le meangadh. Rinne sí meangadh mór leis agus ghlac sé pictiúr di. Bhí sceitimíní ar na cailíní, a hiníonacha. Mhothaigh sé trua di. Ní bheadh sé ag glaoch uirthi, ach chuir sé an giota páipéir ina phóca ar aon nós.

Síos sráid eile, trí na sluaite páistí a bhí ag súgradh. Tháinig siad chuig ballaí tí, agus min bhuí ag fás laistigh. ‘Seo é mo theach’ arsan fear. ‘Tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe agam an bhliain seo chugainn, agus beidh mé in ann mo chailín a phósadh ansin. Tá sí go hálainn, as Colombia.’

Chuaigh siad ar aghaidh, an fear ag beannú do chairde agus do ghaolta, a chuid cainte dothuigthe cuid mhaith den am. Rith sé leis gurbh í teanga Haítí a bhí á labhairt ag cuid mhaith de na daoine. Bhí cuma éagsúil ar nithe anois, slua beag á leanúint go teach a bhí níos mó agus níos faide ná go leor eile.

Isteach leo beirt, agus lean cuid den slua iad. Bean ag scairtíl gur cheart don strainséar airgead a thabhairt ar son na bpictiúr. Ach níor thug an treoraí aon aird uirthi. Chuir sé fear an tí in aithne dó agus dúirt gur ‘brujo’ é. Ní raibh an strainséar cinnte cad a chiallaigh an focal sin, ní raibh aon chuma éagsúil ar an fhear seo, ach go raibh a theach níos mó agus níos saibhre ná na tithe eile. Chuaigh isteach trí dhoras i gcúl an tseomra, trí sheomra go doras eile a bhí faoi ghlas. Lean siad é isteach sa tríú seomra agus cuid den slua sna sála orthu.
Bhí seilf nó binse fada le balla agus cathaoir phlaisteach ar an urlár. Chomharthaigh an brujo don strainséar suí sa chathaoir, rud a rinne sé. Las an fear coinneall. Bhí na daoine ag faire. Cé nár mhothaigh sé aon eagla shíl an strainséar go mb’fhearr dó bailiú leis as an áit seo. Sheas sé agus dúirt ‘No, no me gusta’ ní maith liom é seo, agus shiúil amach tríd na doirse go dtí go raibh sé lasmuigh ar an tsráid arís. Bhí guth na mná ag cloisteáil ag gearán nár thug sé aon airgead do dhaoine as a bpictiúir a ghlacadh. Bhí an treoraí lena thaobh agus shiúil siad ar aghaidh tamall eile. ‘Cén fáth gur rith tú amach as an áit sin? An bhfuil eagla ort roimh na draoithe?’ Bhí Fraincis á labhairt arís ag an treoraí.
‘Ní chreidim i ndraíocht, ach ní raibh mé ar mo shuaimhneas agus na daoine sin ag brú isteach orm. Agus níor rith mé,’ ar seisean á chosaint féin.
‘Conas a bhfuil Fraincis agatsa ar aon nós?’ ar seisean.
‘Chaith mé cúpla bliain in arm na Fraince. D’fhoghlaim mé Fraincis agus dornálaíocht. Féach, ní chuirfidh aon duine isteach ort agus mise leat.’ Bhí cuma fhíor go leor ar na gothaí a chuir sé air féin.
‘An mar sin é? Déarfainn nach fear cathrach tú agus an mhin bhuí sin ag fás i láthair do thí.’
‘As Barahona, siar ó dheas. Bhí feirm bheag ag mo mhuintir. Ach chaith mé go leor ama ar an gcósta thuaidh. Is ansin atá mo chailín, as an Cholóim, is iad mná na Colóime na mná is áille sa domhan. Pósfaimid nuair a bheidh mo theach críochnaithe.’
Bhí scata buachaillí beaga ag ní carr mhór, ach stop siad nuair a chonaic siad an strainséar lena cheamara. Chaith siad na lámha san aer agus straois mhór ar gach duine acu.

DSC_1192

‘A trabajo!’ arsan strainséar go magúil agus ar ais chun oibre leo, agus fuair sé an pictiúr a bhí uaidh. Níor smaoinigh sé ar cheist a chur cé aige a bheadh carr mór nua sa bharrio seo, nach raibh tarra fiú ar na sráideanna.
Bhí beagán imní ag teacht air, mar go raibh a fhios go maith aige nach bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh ar ais chuig an Metro gan treoir, ach go tobann bhí siad ar phríomhshráid arís in aice le stáisiún metro eile. Shiúil siad go ceann scríbe agus thug sé nóta 500 peso dá chara nua mar chúiteamh ar son a chuid ama. D’fhág siad slán agus beannacht ag a chéile.
Ar ais san árasán bhí bean de na glantóirí i mbun oibre. Ba dheacair í a thuiscint ach thuig sé go raibh sí ag fiafraí de cár chaith sé an mhaidin.
‘Níl a fhios agam. Ag ceann scríbe an Metro’, ar seisean, ach dúirt sí nach raibh sí riamh ar an Metro nua agus nach raibh a fhios aici cá ndeachaigh sé.
‘Féach’ arsa Dáithí. ‘Tá pictiúir agam.’
Thaispeáin sé cuid de na pictiúir ar scáileán beag an cheamara.
‘Ó’ ar sise. ‘Tá cónaí ormsa sa cheantar sin. Sin é Sabana Perdita, tá aithne agam ar an fhear sin, agus ar na cailíní sin, agus air siúd.’
Shuigh sí siar sa tolg agus d’iarr sí air cúpla pictiúr a ghlacadh, rud a rinne sé go fonnmhar. Gheall sé di go bhfaigheadh sé priontaí di.
Agus é ag folmhú a phócaí san oíche fuair sé an blúire páipéar.
‘Teresa 625— —-‘

Ar maidin b’éigean dó cur síos a dhéanamh ar eachtraí an deireadh seachtaine sa rang. Dúirt an múinteoir nár chreid sé é, nach raibh aon draoi sa chathair, gur amuigh faoin tuath a bhí siad mar a raibh cónaí ar mhuintir Háití. Agus dúirt sé chomh maith gur dócha go raibh Fraincis ag an treoraí mar gurb as ceantar cois teorann dó, agus go mbeadh seans aige cur lena líofacht ar an gcósta thuaidh mar a raibh go leor tithe ósta agus ionaid saoire ag na Francaigh.
Ach fuair sé amach ina dhiaidh sin go raibh a chuairt bhuile ar Sabana Perdita ina ábhar comhrá agus comhairle ag múinteoirí an choláiste do na heachtrannaigh ina gcuid ranganna. An gringo a tháinig slán ón draoi a thug siad air go ceann seachtaine, go dtí go raibh eachtra beag eile aige nuair a dhiúltaigh a chara arís an Domhnach a chaitheamh leis.

Cé air atá an mearbhall?

Íomhá

Le tamall fada de bhlianta, fiú sular thit na bainc as a chéile cúig bliana ó shin, agus go raibh ar shaoránaigh na hEorpa agus an domhain iad a choinneáil beo go saorga le cánacha agus ‘fiacha’ nach nglanfar go brách, bhí an-chuid daoine óga dífhostaithe, agus ag an am céanna bhí brú á chur ar dhaoine a raibh a saol caite ag obair acu fanacht tamall eile chun ualach na bpinsean a laghdú.

Anois tá os cionn leath na ndaoine faoi 25 bliana d’aois gan obair san Aontas Eorpach, nó i gcuid mhaith de. Agus tá na húdaráis i dtíortha éagsúla ag ardú aois an phinsin, sa dóigh go mbeidh orthu siúd a bhfuil daichead bliana nó níos mó caite ag obair acu leanúint ar aghaidh gan seans acu a scíth a ligean go dtí go mbeidh beagnach seachtó bliain slánaithe acu.

Rinne na baincéirí praiseach ceart den gheilleagar, bhunaigh siad botháin chearrbhachais i Londain agus i mBaile Átha Cliath agus ar fud an domhain, ag úsáid cistí pinsin agus infheistíochta na gcéadta milliún oibrí le hiasachtaí ollmhóra a fháil agus a thabhairt amach. Tugadh liúntais chánach agus go leor leor dreasachtaí nó spreagthaí eile do dhaoine le níos mó airgid a chur ina bpinsin, sin nó le hiasachtaí a fháil le maoin a cheannach mar ‘infheistíocht’, le dul ar dhréimire an tsonais agus an tsaibhris.

Fadó fadó, sular athraigh Maggie agus Ronnie an domhan, bhí bainisteoirí bainc coimeádach cúramach agus bhí sé deacair fiú do na daoine a raibh postanna buana le pá maith acu iasachtaí a fháil. Caithfeadh go leor mallachtaí leo agus cuireadh ina leith go raibh srian á chur acu ar fhás na heacnamaíochta, agus laincisí ar dhaoine óga ar theastaigh uathu áit chónaithe a cheannach.  B’éigean dóibh deich faoin gcéad nó níos mó de luach an tí a shábháil agus ní raibh cead acu níos mó ná dhá oiread go leith a dtuarastal bliantúil a fháil ar iasacht. Tháinig athrú ar an athrú. Faoin am a raibh réabhlóid na nuachoimeádach curtha i gcrích bhí iasachtaí 100% nó fiú 105% á mbrú ar dhaoine, cúig oiread a bpá, agus d’fhéadfá cibé tuarastal a d’oir duit a scríobh sa bhfoirm iarratais.

Cuireadh litreacha amach go rialta le daoine a mhealladh le hiasachtaí réamhshocruithe, ba chuma an raibh gá nó úsáid acu don airgead. Bhí sé chomh héasca sin iasachtaí foirgníochta a fháil gur spreagadh na céadta míle duine in Éirinn agus na milliúin ar fud na hEorpa, le teach nó dhó a cheannach dóibh féin agus leathdosaen eile mar ‘infheistíocht’ sa bhaile nó thar lear. Bhí an eacnamaíocht ag fás, tháinig na sluaite ó lár na hEorpa chun na tithe a thógáil, an oiread sin díobh go raibh go leor de na tithe agus de na hárasáin nua  ag teastáil le lóistín a chur ar fáil dóibh ….

Is cuimhin liom ceist a chur ar dhuine nó beirt in Éirinn a bhí chomh gafa sin le maoin mar bhealach le saibhreas a dhéanamh: cad as a thiocfadh na daoine go léir? Cén dóigh ar féidir le cathracha agus bailte beaga na tíre leanúint orthu ag fás mar sin? Bhí an tuath bánaithe cheana féin, ní raibh na milliúin ann mar a bhí sa naoú haois déag. Ach chreid siad go diongbháilte go mbeadh fás de thrí nó ceithre mhilliún ar an daonra agus go raibh an infheistíocht sa bhfoirgníocht ‘chomh sábháilte le hairgead sa bhanc’ ach go raibh sé níos fearr an t-airgead (a bhí ar iasacht ón mbanc) a chaitheamh ar thalamh agus tithe mar go mbeadh luach na maoine ag fás go tréan.

Ag an am céanna thosaigh an rialtas ag brú ar na daoine ullmhú do na blianta díomhaoine a bhí rompu amach trí níos mó dá dtuarastal a chur ar leataobh le haghaidh an phinsin. B’iontach an spreagadh an faoiseamh cánach a bhí ar fáil leis na scéimeanna pinsin, go háirithe do lucht gnó féinfhostaithe. Idir airgead na scéimeanna pinsin agus infheistíochta, agus airgead a ‘cruthaíodh’ le hiasachtaí ó mhórbhainc an domhain bhí carn ollmhór dochreidte le dáileadh amach, agus dáileadh é le fonn agus le flosc. Ní fhéadfaí bainistiú a thabhairt ar obair na mbaincéirí, cearrbhachas neamhshrianta a bhí ann, iad ag maíomh nach bhféadfaí na duaiseanna móra a bhaint gan dul sa seans, ag cur meatachta ina leith siúd nach raibh an dearcadh céanna acu.  Tá mé cinnte go raibh go leor de na baincéirí faoi gheasa ag an púdar geal as Meiriceá Theas agus iad ag ‘obair’ ceithre huaire is fiche sa lá le cur lena gcuid milliún. Níorbh iad na craoltóirí iomráiteacha ná na mainicíní amháin a bhí ag caitheamh drogaí agus iad i mbun a gcuid cúramaí.

Níl ag teastáil uainn faoi láthair mar bhaincéirí ach daoine atá in ann cuntasaíocht chúramach a dhéanamh, aire a thabhairt dár gcuid airgid, daoine ciúine coimeádacha nach gceadóidh dúinn amadáin a dhéanamh dínn féin le hairgead nach linne ná leosan é. Ní mór do na cearrbhaigh a thuiscint, agus glacadh leis, gur féidir leo gach rud a chailliúint i bhfiontar, agus nach dtiocfaidh an stát ná an saoránach ná aon duine ná dream eile i gcabhair orthu. Sin é bunús na tráchtála ó thús ama, dul sa bhfiontar. Tabharfar árachas de réir mar a mheasann cuntasóirí eile priacal an fhiontair, ach ní ceart go mbeadh aon duine ag súil le rathúnas ná bannaí más é a rogha a bheith míchúramach.

Is cosúil go bhfuil dhá chineál baincéireachta ann. Is gá iad a dheighilt óna chéile, sa dóigh go mbeidh a fhios ag daoine cá bhfuil a gcuid airgid ag dul, agus go mbeidh siad in ann a rogha féin a dhéanamh faoi shábháilteacht nó priacal a gcuid infheistíochta. Thar aon rud eile, ní ceart go mbeadh rathúnas stáit ar fáil d’fhiontair phríobháideacha.

Ó dheireadh an 19ú haois bhí pinsean á gcur ar fáil sna tíortha ba mhó a raibh forbairt thionsclaíoch déanta acu, agus leasa sóisialaigh eile de réir mar a bhí ag teastáil ar mhaithe le leas na tíre nó an phobail i gcoitinne. Bhí an stát freagrach as córais sláinte, imdhíonadh ar ghalair, uisce glan a sholáthar do chách, agus lean an fhorbairt ar aghaidh go tréan go háirithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Glacadh leis go raibh cúpla bliain den só tuillte ag daoine tar éis daichead bliain nó níos mó a chaitheamh ag obair, agus cuireadh airgead ar fáil dó sin, cuireadh fad le saol an ghnáthdhuine agus d’fheabhsaigh sláinte an phobail go mór – agus tharla sé seo go léir sula raibh rialtas ‘sóisialach’ i réim in aon tír, go deimhin ba é an sár-impiriúlaí Bismark a chuir na scéimeanna seo chun cinn más fíor. Tugadh an pinsean do dhaoine ag seachtó bliain d’aois, agus de réir a chéile laghdaíodh aois an phinsin agus fad á chur le saol an duine. Laghdaíodh chomh maith ar líon na laethanta agus na n-uaireanta oibre. Bhí daoine in ann dul ar saoire, bhí am le sparáil acu, d’fheabhsaigh an tsláinte agus cuireadh le fad an tsaoil.

Tháinig Maggie agus Ronnie i gcumhacht agus thosaigh an cúlú, cé gur fógraíodh go glórach agus go minic go raibh saoirse nua ann, go raibh daoine faoi dheireadh in ann éirí saibhir agus ábalta a gcuid saibhris a choinneáil, rogha a dhéanamh de na seirbhísí a bhí ar fáil go príobháideach mar go raibh an t-airgead acu, go mbeadh costas níos ísle ar shláinte agus ar thaisteal, agus mar sin de. Ach cuireadh in iúl go tréan freisin go gcaithfeadh daoine obair le luach a saothair a fháil. B’fhiú do go leor obair go crua, seacht lá na seachtaine, dhá uair déag sa lá, mura raibh uathu ach airgead, agus rinne cuid acu na múrtha (bhí drugaí ag teastáil ó go leor díobh, idir dhleathach agus mhídhleathach, le coinneáil ag obair chomh fada sin, agus bhí siad ar fáil go flúirseach in ainneoin an chogadh in aghaidh na ndrugaí a bhí ar bun go fuilteach costasach sna tíortha bochta ó dheas).

Ach i ndáiríre níorbh iad na gnáthdhaoine a raibh orthu breis oibre a dhéanamh má theastaigh uathu postanna a fháil nó a choinneáil a rinne an saibhreas, ach iad siúd a fuair a lámha ar thaiscí agus ar chistí pinsean na ngnáthdaoine sin agus a chuaigh i mbun cearrbhachais leo, nó lucht an tsaibhris bhuan nach gcailleann riamh. Súdh an saibhreas ón ngnáthdhuine sa domhan saibhir, agus ó beagnach gach duine agus tír ó dheas, isteach i lámha daoine gan ainm gan fhreagracht, a spreag boilsciú i dithíocht agus scaoll agus flosc ceannúcháin ionas go raibh gach duine ag rith cosa in airde le fanacht san áit a raibh siad i 1980 nó le teacht go bun an dréimire infheistíochta mar gur shíl siad go mbeadh siad gan dídean mura gceannódh siad árasáinín nó teach beag suarach ar dheich n-oiread a dtuarastal. Ar ndóigh níor leor an obair bhreise a dhéanamh, níor leor na hardaithe tuarastail, bhí luach na maoine ag ardú róghasta, ach bhí na bancanna ansin ag brú iasachtaí go tréan le sclábhaithe fiacha a dhéanamh as an oiread daoine agus ba fhéidir leo.

Tuigeadh, go háirithe i dtíortha an Bhéarla, nár ghá aon rud a dhéanamh i ndáiríre ach airgead, agus bhí an t-airgead is mó ar fáil as airgead a cheannach agus a dhíol, ba chuma i ndáiríre faoin déantúsaíocht nó faoin táirgíocht, bhí an brabús ba mhó á dhéanamh as na hiasachtaí, iasacht don tógálaí le heastát a thógáil, iasacht do na ceannaitheoirí lena gceannach, iasacht don infheisteoir le scaireanna a cheannach i bhfiontair na dtógálaithe, iasachtaí ina mullach sin le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i bhfiontair thar lear agus mar sin de. Agus ba é síolteagasc na nuachoimeádaithe nár cheart aon cháin a íoc ar an ‘bhfiontraíocht’ seo uilig. Ach bhí cáin á íoc ag na hoibrithe, agus dleachta nuair a cheannaigh siad na tithe a bhí ródhaor dóibh, ach mar dhreasacht bhí faoiseamh cánach ar fáil le morgáistí a chur orthu, rud a spreag daoine hiasachtaí a bhí thar a n-acmhainn a fháil, agus a chuir tuilleadh gáis i mbolgóid an bhoilscithe a bhí ag tarlú i bhfoirgníocht agus i luach na talún nuair a bhí praghsanna ag titim sna sean-earnálacha eacnamaíocha, go háirithe sa déantúsaíocht a aistríodh go tíortha i gcéin ar mhaithe le brabús a mhéadú agus cáin a sheachaint.

Táimid ag filleadh ar na meánaoiseanna, sealúchas agus saibhreas na tíre agus an domhain ag aicme uilechumhachtach gan srian, duine as céad, an chuid eile ag titim nó tite isteach san aicme eile, daoine gan sealúchas, gan acu ach bochtaineacht nó fiacha. Sclábhaithe.

An dtiocfaidh aon athrú?

Craoschuimhne

Ag deifriú leis go dtí an Busáras. Trí shráideanna cúnga, thrasnaigh sé an Laoi faoi dhó. Chonaic buachaillí ‘móra’ ag léamh coimicí do chailíní.

Thar doras tí.
Cailín beag, seacht nó ocht mbliana d’aois in a suí ag leac an dorais.
Bosca mór seacláidí oscailte aici agus í ag ithe go craosach.
Mhoilliigh sé le stánadh uirthi agus na milseáin á sá ina béal smeartha aici ceann i ndiaidh a chéile.
Shamhlaigh sé é féin agus an seisear eile sa bhaile ag roinnt bosca chomh mór le chéile, in aon iarracht amháin. Ní cheadódh a mháthair choíche é.
Conas a dfhéadfadh sí é sin a dhéanamh gan cead?

Nach maródh a máthair í?