Cartlanna Míosa: Meán Fómhair 2013

Colmado

Marbh leis an tart, isteach liom sa colmado le buidéal Gatorade a fháil. Dúradh liom go raibh sé go maith don aeráid thais mheirbh. Triúr fear ina suí ar a suaimhneas. ‘Suigh linn tamall agus eachtraigh dúinn.’
Cheannaigh mé mo bhuidéal, agus d’fhiafraigh díobh ar mhaith leo féin deoch. Ghlac siad le buidéal den deoch céanna agus roinn siad eatarthu é.
‘Poncán?’
‘Ní hea ach Éireannach?”
‘An bhfuil sé sin áit éigin in aice le Meiriceá?’
‘Níl, oileán in Iarthar na hEorpa, amach ón Fhrainc agus ó Shasana.’
‘Agus an bhfuil teorainn agaibh le tír ar bith?’
– ‘Níl a amadáin, arsa duine acu, nár dhúirt sé oileán í a thír?’
Cé go bhfuil teorainn ar a n-oileán féin shíl mé nárbh é seo an t-am le míniú a thabhairt ar staid na hÉireann agus gan ach seachtain den chúrsa Spáinnise déanta agam.
Chuir duine acu ceist eile orm. Níor thuig mé na focail, chuir mé ceist air an bhféadfadh sé é a litriú, nó a thaispeáint dom sa bhfoclóirín…. Ní raibh sé in ann…. Níor smaoinigh mé air go mb’fhéidir nach mbeadh léamh acu.
‘Tá an teas do mo mharú. Agus mo chraiceann ró-gheal don ghrian anseo. Anois dá mbeadh bean as an áít agam, d’fhéadfadh clann den dath ceart a bheith againn. .. . ‘
‘Is furast sin a réiteach. Ar mhaith leat beainín dheas dhorcha?’
‘Ag magadh atá mé,’
Isteach ainnir ghual-dubh. An raibh teachtaireacht curtha ar bhealach éigin?
‘Sin agat anois í, spéirbhean bhreá dhorcha.’
Cheannaigh mé buidéal di siúd fosta.
‘Tá tú go deas, ach tá tú i bhfad ró-óg dom a thaisce. D’fhéadfainn a bheith mar athair agat.’
Spréach sí.
‘Tá mé seacht mbliana is fiche d’aois agus mac seacht mbliana d’aois agam. Nach cinnte nach bhfuil mé ró-óg!’
‘Agus tá mise os cionn leathchéad bliain d’aois agus mac scór bliain d’aois agam! Ádh mór ort a stóirín, agus oraibhse a fheara.’

Cuimhne

1968. Ag fágáil Árainn Mhór. Fear agus bean i mbarróg bhrónach, gan aon chaint astu. Ba é an fear an duine deireanach ar bord agus chaith sé a chuid ama ag amharc siar ar a bhean ar an ché. Bhí sí ina seasamh léi féin agus í chomh gruama. Ní raibh focal as ceachtar acu. Thosaigh an bád ag tarraingt amach ón ché.
Chuir an fear a lámh i bpóca a sheaicéid agus chaith bosca toitíní a thuirling ag a cosa. Ní raibh focal astu, ná croitheadh lámh ná comhartha ar bith eile.
Chonaic an gasúr óg pian na himirce.

Gleann Maighir

Tá Tomás Ó Cannain imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir ollscoile, ceoltóir, scríbhneoir, Gael. Bhunaigh sé Buaic Teoranta sna Seascadaí le Fionntán Mac Aodha Bhuí, Séamus Ruiséal le Gaeltacht a bhunú in aice le cathair Chorcaí, agus daoine eile, agus thóg sé féin agus a bhean Helen teach in Ard Barra i 1967. Bhunaigh sé féin agus Matt Cranitch an grúpa Na Filí. Tá dea-chuimhne agam ar na trí bliana a chónaigh muid in Ard Barra. Slán leat go fóill Thomáis, tig leat dul siar ar na cuimhní le m’athair agus mo mháthair a chuaigh chuig an saol eile tamall beag romhat.