Leagadh príomhchathair Háítí ar an 12 Eanáir 2010, trí bliana ó shin. Gealladh mórán, cuireadh na billiúin ar fáil agus chuaigh na mílte eagraíocht isteach le cabhrú leis an atógáil.
Faraor tá milliún go leith fós ag feitheamh le cóiríocht shásúil, agus na mílte básaithe leis an chalar a thug saighdiúirí na Náisiún Aontaithe isteach leo, galar nach raibh sa tír, ná ar an oileán le breis agus céad bliain.